Faoi cheann coicíse tiocfaidh cúpla céad den dream is sinsearaí i gCumann Lúthchleas Gael le chéile agus caithfidh siad lá go leith ag déanamh a gcríonnachta faoin gcosán ba chóir don eagraíocht sin a leanacht ó thaobh na roghanna ar fad atá ar fáil di.
Daoine stuama a bhíonn ag an gComhdháil Bhliantúil – fostaithe de chuid an chumainn a bhfuil na cáilíochtaí agus an cumas iontu í a stiúradh ar bhealach a leasa, fir agus mionlach ban a bhfuil a saol tugtha acu ar son na gcluichí agus ar son na haislinge is ansa leo – ón Uachtarán anuas, oifigigh cúigí, contaetha agus clubanna.
Ós rud é nach bliain í seo ina bpléitear athruithe ar rialacha imeartha na gcluichí is obair fódóireachta is mó a bheidh ar bun ag na teachtaí faoi cheann coicíse, ach uair amháin eile, déanfar iarracht tabhairt faoi réiteach a fháil ar an deacracht is mó atá tagtha chun cinn le blianta beaga, deacracht a chruthaíonn go dtarlaíonn sé anois agus arís nach as an gcliseadh amháin a bhíonn praghas le híoc, ach as an rath freisin.
Ó am a bhunaithe in 1884, tá fás agus forbairt as miosúr tagtha ar Chumann Lúthchleas Gael agus a bhuíochas sin ag dul do leithéidí na ndaoine a thiocfaidh le chéile ag an gComhdháil.
Ní hamháin go bhfuil éirithe le CLG préamhú sa bpobal ar bhealach nach bhfuil déanta ag aon eagraíocht amaitéarach eile ar fud an domhain, ach tá a gcuid cluichí inchurtha le haon spórt ó thaobh mianach a lúthchleasaithe agus taibhseacht na scileanna a léiríonn siad.
Léirítear iad siúd ar pháirceanna agus i staideanna atá ar chomhchéim leis na cinn is breátha ar dhroim na cruinne. An bhliain seo caite bhí ioncam os cionn €60 milliún ag an gCumann – roinn sé €13.4m de sin ar chontaetha agus ar chlubanna ar mhaithe le costais a bhí orthu as a bheith san iomaíocht i gcomórtais éagsúla agus €11.4m eile sa tír seo agus thar lear ag forbairt na gcluichí atá faoina chúram.
Murab ionann agus an dá mhóreagraíocht spóirt eile sa tír, níl aon deis ag Cumann Lúthchleas Gael airgead a ghiniúint as comórtais idirnáisiúnta – go deimhin is amhlaidh a chosnaíonn an rath atá tagtha air i gcéin airgead air.
Ar an lámh eile, is iad na cluichí a imríonn siad in aghaidh foirne as tíortha eile agus na cearta teilifíse agus urraíochta a théann leo sin a sholáthraíonn os cionn 63% d’ioncam an FAI a raibh teacht isteach €46 milliún acu an bhliain seo caite agus atá os cionn €50 milliún i bhfiacha.
Méadaíonn comórtais idirnáisiúnta sacair a dteacht isteach siúd agus déanann na cinn rugbaí méadú as cuimse ar ioncam an IRFU. D’fhág Corn an Domhain an bhliain seo caite, cuir i gcás, gur chuireadar sin €76.1 milliún trína lámha. Ach ar ndóigh íocann siadsan a gcuid imreoirí idirnáisiúnta rud a chosain €37 milliún orthu anuraidh. Chaith siad €7.5 milliún eile ar fhoirne ban agus faoi aois agus creid é nó ná creid, €320,641 ar réiteoirí idirnáisiúnta.
Fágann maoirseacht chríonna san am atá caite nach gá do theachtaí Chumann Lúthchleas Gael a shuífidh síos i bPáirc an Chrócaigh mórán ama a chaitheamh ag caint ar chúrsaí airgid, ach ar bhealach indíreach is féidir fréamhacha an deacracht is mó atá le sárú acusan agus ag an dream a thiocfaidh ina ndiaidh – a theacht ar an mbealach is fearr le heagraíocht chomhaimseartha, rathúil an lae inniu a choinneáil pósta leis na fréamhacha as a dtáinig sí.
Sin an fáth a mbainfidh an obair is tábhachtaí atá le déanamh ag Comhdháil 2017 le leagan amach Chraobh Shinsir Peile na hÉireann agus le laghdú a dhéanamh ar an achar a ghlacann sé na cluichí a bhaineann léi a imirt.
An séasúr seo caite imríodh 63 cluiche i gCraobh Peile na hÉireann agus 27 sa gCraobh Iománaíochta. Mar réiteach ar an gcruachás tá Ard-Stiúrthóir CLG Páraic Ó Dufaigh ag moladh go mbeadh siad sin imeartha faoi dheireadh mhí Lúnasa feasta le cothrom na Féinne a thabhairt do na clubanna, atá ag cnáimhseáil le fada agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin bunaithe ag a gcuid imreoirí anois lena gcás a chur chun cinn.
Fágfaidh sin go mbeidh tuairim 90 gcluiche á n-imirt in imeacht 17 deireadh seachtaine. Laghdófaí an brú mura mbeadh aon athimirt i gceist agus gur am breise a shocródh an toradh, mar atá molta ag Ó Dufaigh, ach ní mé cén tóir a bheadh air sin sna cúigí – féach gur chuir an athimirt idir Maigh Eo agus Baile Átha Cliath anuraidh €4 milliún le sparán na heagraíochta ag leibhéal náisiúnta. Tig le athimirt crot eile ar fad a chur ar chlár comhardaithe Chisteoir Cúige freisin.
Toradh eile ar rathúlacht CLG is ea an cumas atá anois iontu airgead a charnadh ó urraithe a gcuid comórtas agus ó chomhlachtaí teilifíse a bhíonn ag iarradh iad a chraoladh. As an €60m teacht isteach a bhí ag an eagraíocht anuraidh, ba as airgead geataí a tháinig 50% de sin, 31% as airgead teilifíse agus urraíochta agus 19% as deontais stáit agus teacht isteach eile.
An séasúr seo caite chraol RTE agus Sky 30 cluiche eatarthu sa gCraobh Shinsir Peile agus 17 cluiche sa gCraobh Iomána – má chiorraítear an féilire tharlódh go mbeadh níos mó cluichí ar siúl ag an am céanna, rud nach sásódh craoltóirí ná urraithe.
Ní fíor i gcónaí gur é an té a íocann an píobaire a ghlaonn an port, ach ní gá a rá gur maith le fiú na comhlachtaí móra a chuireann lámh ina bpóca luach a gcuid airgid a fháil. Dá fhaide an séasúr, dá mhéid an phoiblíocht. Ní bheidh aon bhaint dhíreach acusan le breithiúnas a thabharfaidh an Chomhdháil Bhliantúil, na dteachtaí, is cinnte go bhfuileadar sa mheá in áit éicint.
Níl an freagra agam, ach is ceist an-chinniúnach í a théann go smior i bhfealsúnacht, i gcroí agus i bpócaí Chumann Lúthchleas Gael.