Dúshlán ardchúirte tugtha ag dalta faoi chinneadh a scoile díolúine ón nGaeilge a dhiúltú di

Dúradh san Ard-Chúirt inné go ndearna an cinneadh díolúine ón nGaeilge a dhiúltú do dhalta scoile dochar dá meabhairshláinte agus gur chuir staidéar na Gaeilge strus agus imní uirthi

Dúshlán ardchúirte tugtha ag dalta faoi chinneadh a scoile díolúine ón nGaeilge a dhiúltú di

Tá dúshlán ardchúirte tugtha ag dalta in aghaidh chinneadh a scoile díolúine ó staidéar na Gaeilge a dhiúltú di.

Dúradh sa chúirt go ndearna an cinneadh gurbh éigean don chailín an Ghaeilge a fhoghlaim dochar dá sláinte ó thaobh na mothúchán agus go raibh imní uirthi dá bharr.

Ní ceadmhach an dalta, ar chuir a máthair an cás faoi bhráid na cúirte ar a son, ná scoil an dalta a ainmniú de réir orduithe cúirte. 

Tá dhá chás eile dá leithéid curtha faoi bhráid na cúirte.

I ráiteas faoi mhionn, dúirt máthair an chailín gur diagnóisíodh go raibh ADHD, ASD agus imní ar a hiníon.

Dúirt an mháthair gurb amhlaidh go spreagann staidéar na Gaeilge fadhbanna an chailín agus go ndéanann staidéar na Gaeilge níos measa na fadhbanna sin.

Dúradh gur moladh i measúnú síceolaíochta agus tuairiscí eile go lorgódh an cailín díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Rinneadh iarratas ar dhíolúine thar ceann an chailín leis an iar-bhunscoil a mbíonn sí ag freastal uirthi.

Diúltaíodh don iarratas sin níos luaithe i mbliana.

Dúirt an mháthair go mbíonn an cailín ag freastal ar ranganna speisialta áirithe ach gur mhaígh bord na scoile nár shásaigh a cás na critéir i gcomhair díolúine.

Tá na critéir sin ar fáil i gciorclán de chuid na Roinne Oideachais, ‘Díolúine ó staidéar na Gaeilge’.

Dúradh chomh maith sa chúirt nach bhfuair an cailín díolúine ón nGaeilge nuair a bhí sí ag freastal ar an mbunscoil.

Dúirt a máthair nach ndearna sí achomharc in aghaidh chinneadh na hiar-bhunscoile mar nach dóigh léi go mbaineann na critéir sa chiorclán lena hiníon.

Mar sin féin, mhaígh an mháthair nach raibh “oideachas cuí” á chur ar a hiníon.

Mhaígh sí gur boichte a cuid oideachais trí chéile toisc gur diúltaíodh an díolúine ón nGaeilge di. Dúirt an mháthair gur chuir diúltú na díolúine as do shláine shíceolaíochta an chailín agus gur sárú a bhí ann dá réir ar a cearta bunreachtúla.

Dúirt sí go raibh a hiníon ag “sracadh go mór” leis an nGaeilge agus nach raibh “aon teorainn leis an strus agus imní” a bhí uirthi mar gheall ar na riachtanais oideachais “ar leith” a bhí aici.

Ní fhéadfadh an mháthair a thuiscint, a dúirt sí, cén fáth nach bhfuiltear ag freastal ar riachtanais a hiníne.

San athbhreithniú breithiúnach in aghaidh Bhord Bainistíochta na Scoile, an Aire Oideachais agus Scileanna agus an Ard-Aighne, iarrtar ar an gcúirt go gcuirfí ar ceal an cinneadh nach bhfuil an cailín i dteideal díolúine a fháil ón nGaeilge.

Glactar leis go bhfuil scoil an chailín ag cloí le ciorclán na Roinne Oideachais agus is ar an stát atá an t-athbhreithniú dírithe.

Tá deimhniú á lorg ag an dalta ón gcúirt go bhfuil polasaí “dolúbtha” á chur i bhfeidhm ag bord na scoile.

Tá deimhniú á lorg aici chomh maith go bhfuil an ciorclán a bhaineann le díolúine a fháil ón nGaeilge díchéillí, míchothrom agus míréasúnta agus go bhfuil sé ag teacht salach ar an mbunreacht.

Tá deimhniú eile á lorg go gcuireann an ciorclán isteach go mídhleathach ar cheart an chailín ar oideachas cuí.

Cuireadh an cás faoi bhráid an Bhreithimh Anthony Barr inné, Dé Luain.

Cheadaigh an Breitheamh don chailín an dúshlán a thabhairt ar bhonn ex-parte.

Beidh an cás sa chúirt arís an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Dúshlán ardchúirte tugtha ag dalta faoi chinneadh a scoile díolúine ón nGaeilge a dhiúltú di'