Dúshlán Ard-Stiúrthóir RTÉ tugtha faoi chás na Gaeilge le linn cruinniú teasaí

Pléadh cás na Gaeilge in RTÉ le linn mórchruinniú foirne faoi na ciorruithe atá beartaithe don stáisiún

Dúshlán Ard-Stiúrthóir RTÉ tugtha faoi chás na Gaeilge le linn cruinniú teasaí

Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes ag caint

Tugadh dúshlán Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes maidir le cás na Gaeilge sa stáisiún le linn mórchruinniú foirne teasaí i nDomhnach Broc ar maidin.

Eagraíodh an cruinniú idir lucht foirne agus lucht bainistíochta aréir toisc gur sceitheadh eolas leis an Irish Times faoi na ciorruithe atá beartaithe ag an stáisiún a bhfuil deacrachtaí móra airgid aige.

Le linn an chruinnithe, dúirt craoltóir aitheanta go raibh “an-díomá” uirthi nach raibh an Ghaeilge luaite beag ná mór sa phlean nua don todhchaí a scaipeadh ar an bhfoireann aréir.

Thug an craoltóir le fios gur chóir do RTÉ níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge agus go bhféadfaí, mar shampla, margaíocht níos fearr a dhéanamh ar chláir Ghaeilge.

Tuairiscítear gur píosa cainte “an-láidir” a bhí ann.

Mar fhreagra ar an bpíosa cainte sin ón urlár, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes go raibh “dualgas an-soiléir” ar RTÉ ó thaobh na Gaeilge. Thagair sí chomh maith do chomhráití atá ar siúl faoi láthair leis an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill maidir le cur le soláthar Gaeilge an stáisiúin. Dúirt sí chomh maith gur mhaith le RTÉ an Ghaeilge “a normalú ar fud na seirbhíse acu”.

Chinn an Coimisinéir Teanga go bhfuil an reachtaíocht i leith na Gaeilge á sárú ag RTÉ agus meastar go mbeadh sé níos deacra ag RTÉ ciorruithe móra a chur i bhfeidhm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó ar a rannóg Gaeilge féin tráth a bhfuil glactha acu go bhfuil dlí na tíre i leith na teanga á shárú acu.

Tá lucht bainistíochta an chraoltóra ag iarraidh an fhoireann a laghdú 200 duine agus costais a laghdú €60 milliún as seo go ceann trí bliana.

Tá sé i gceist chomh maith stiúideo a dhúnadh i Luimneach, deireadh a chur le stáisiúin dhigiteacha raidió RTÉ agus an RTÉ Guide a dhíol.

Tuairiscítear gur cruinniú teasaí a bhí ar maidin ann agus gur léiríodh cuid mhór míshástachta leis an mbainistíocht agus dúradh go raibh muinín caillte ag daoine iontu agus gur theip orthu an cás a dhéanamh maidir le tuilleadh maoinithe agus leasuithe ar chóras an cheadúnais teilifíse.

Bhí cuid mhór míshástachta ann chomh maith faoin bplean an RTÉ Guide a dhíol agus go háirithe faoin scéala nach mbeadh an 12 duine atá ag obair leis an iris i dteideal an phacáiste iomarcaíochta céanna a bheadh ar fáil do dhaoine eile.

Maidir leis an reo pá atá molta ag an mbainistíocht dúradh gurb iad an dream óg agus an dream ar phá níos ísle is measa a bheadh buailte aige.

Tuairiscítear gurb í an teachtaireacht is láidre a bhí ag an mbainistíocht ná nach raibh aon rogha eile ann ach na ciorruithe a dhéanamh agus go gcaithfeadh an fhoireann tarraingt le chéile chun go dtiocfadh an stáisiún slán agus chun an chraoltóireacht seirbhíse poiblí a tharrtháil.

Fág freagra ar 'Dúshlán Ard-Stiúrthóir RTÉ tugtha faoi chás na Gaeilge le linn cruinniú teasaí'