D’fhág drochscéala a fuair duine muinteartha liom le gairid gur bheartaíos m’aghaidh a thabhairt ar theach an phobail chun coinneal a lasadh. An tráthnóna roimhe sin a fuair an t-éadóchas an ceann is fearr ar dhlúthchara leis, tar éis dó a bheith i ngreim ann le fada an lá.
Ráinig go raibh ceolchoirm bheag ar siúl sa séipéal ag an am céanna a ndeachaigh mise isteach ann, agus airgead á chruinniú don eagraíocht Aware.
An dea-scéala a bhí á fhógairt istigh ag lucht eagraithe na ceolchoirme ná go ndéanann sé maitheas do dhaoine bheith ag seinm ceoil agus ag rá amhrán i gcomhluadar daoine eile. De réir na n-eolaithe, is mór a théann a leithéid chun leasa daoine atá in ísle brí nó i ngreim ag an suaitheadh intinne.
Liosta le háireamh iad na leaganacha atá sa Ghaeilge ar an lagar spride arb é an focal ‘dubh’ is fréamh leo. Os a choinne sin, is le solas a shamhlaítear dóchas agus teacht aniar an duine. Dúshlán an dorchadais á thabhairt, más ea, a nascann an choinneal agus an ceol, agus is deas mar a théann an dá rud sin le chéile ag an tráth seo den bhliain.
Ar ndóigh, tá a fhios ag na Gaeil le fada go dtugann na hamhráin ardú meanman dúinn agus go gcabhraíonn siad linn dearmad a dhéanamh ar an saol ar feadh scaithimh. B’amhlaidh a bhí riamh, a deir Liam Mac Con Iomaire ina leabhar breá Nár Fhágha Mé Bás Choíche, agus é de chumhacht ag amhrán ‘scaipeadh a chur ar ghruaim agus an croí a ardú. Ba ionann a bheith ag gabháil fhoinn agus a bheith gan imní, fiú más amhrán brónach a bhí á ghabháil’.
Is léir go raibh agus go bhfuil an ghné spioradálta seo den amhránaíocht lárnach i saol na ndaoine – díreach mar atá an comhluadar, an chuideachta agus an comhrá. Cairdeas, aithne agus muinín a chothaíonn a leithéid, a choimeádann an dé sa duine agus a thugann misneach, soilíos agus ardú croí dó nuair is mó atá sé ina ngátar sin.
Tabharfar a ceart fós do thábhacht cheist na meabhairshláinte ach idir an dá linn, is ar scáth a chéile a mhairfimid.
Lasfar coinneal in go leor tithe as seo go dtí an Nollaig agus beidh sé d’ádh ar chuid againn comhluadar a bheith againn, corrscéal a insint nó a chloisteáil, agus corramhrán a rá le gaolta agus le cairde araon. Cuimhneoimid orthu siúd atá ar shlí na fírinne agus labhróimid orthu an athuair amhail is go raibh siad fós beo.
Ní leomhfaimid a gcoinneal a mhúchadh – ná ní mhúchfaidh.
léitheoir
Ós ag caint ar choinnle, solas, bás etc thú féach an rá gleoite seo: ‘níl sa bhás ach múchadh coinnle i mbéal maidne; is é a thuigim leis si go mbáitear an duine.i. an solas beag in aoibhneas agus i mórsholas na síoraíochta.