Dúshláin roimh Alliance agus David Ford éirithe as an gceannaireacht

Is é an dúshlán is mó roimh chomharba David Ford ná tacaíocht a fháil don pháirtí taobh amuigh de cheantar cúng thart ar Bhéal Feirste

Dúshláin roimh Alliance agus David Ford éirithe as an gceannaireacht

Ceannaire polaitiúil ag éirí as dá dheoin féin ag a rogha am. Is annamh a tharlaíonn a leithéid ach d’éirigh le David Ford an t-éacht sin a dhéanamh. D’éirigh sé as ceannas na Comhghuaillíochta, an Alliance ar an Déardaoin, cothrom an lae ar toghadh ina cheannaire é cúig bliana déag ó shin.

Atoghadh é ag comhdháil an pháirtí gach bliain ó shin agus cé go raibh beagán cainte i mbliana faoin ngá a bhí le ceannaire a bheadh níos spleodraí ar an teilifís, níor cuireadh brú air éirí as.

Bhí a fhios ag a sheachtar comhghleacaithe sa Tionól i Stormont go raibh obair chiúin, éifeachtach déanta ag Ford ar eagar an Alliance. Mionpháirtí is ea é i gcónaí ach bhí sé i mbaol a bháite nuair a chuaigh Ford ina bhun.

Bhí níos lú ná ceithre vóta as gach céad faighte ag Alliance sa toghchán in 2001, toradh a thug ar cheannaire na linne, Sean Neeson éirí as.

Bhí sé d’ádh ar Ford go raibh sé ag iarraidh a pháirtí a atógáil tráth a raibh an UUP agus SDLP ag meath. D’fhan go leor d’iarvótóirí na bpáirtithe sin sa bhaile ach d’iompaigh roinnt díobh i dtreo an Alliance; rogha dóibh siúd nach ligfeadh an naimhdeas nó an déistin dóibh vótáil don DUP nó Sinn Féin.
Mhéadaigh vóta an Alliance go seasta.

Murab ionann agus an UUP a bhí seanbhunaithe in oirthear Bhéal Feirste, ba é Alliance, faoi stiúir Ford agus le hiarrthóir an-mhaith, Naomi Long, a bhain buntáiste as fadhbanna Peter Robinson chun an suíochán Parlaiminte a bhaint de cheannaire an DUP in 2010. Murach tacaíocht an UUP agus margadh aontachtach réamhthoghcháin, ní bheadh an suíochán bainte ar ais ag an DUP ó Long anuraidh.

Údar uchtaigh ab ea é sin don Alliance, a d’fhan aontaithe nuair a bhíodar faoi ionsaí fíochmhar ag dílseoirí i dtaca le haighneas na brataí. Mar sin féin, níor éirigh leo cur le líon a gcuid suíochán Tionóil i mbliana.

Níor chaill siad aon teachta ach b’údar aiféala é gurbh é toradh 2011 a mbuaic. Níl siad sa bhFeidhmeannas feasta ach oiread. Bhí dhá aireacht acu cheana, ceann a bhí ag dul dóibh faoi chóras D’Hondt agus an Aireacht Chirt a fuair Ford de bharr seachmhargadh idir an DUP agus SF. Maíonn Ford gur ghaisce é gurbh eisean an chéad aire a toghadh abhus le dhá scór bliain. Cáineadh an beart áfach mar chleas de chuid DUP/SF in éadan a gcéilí comhraic.

Theip ar Ford mar Aire Cirt an córas príosúin a leasú go críochnúil, príosún Mhaigh gCabraí go háirithe. Rinne sé iarracht, in aisce, an dlí a leasú chun foircheannadh toirchis a cheadú sa chás nach mbeadh an féatas inmharthanach. Ghlac a pháirtí le polasaí i bhfabhar pósadh comhghnéis agus thug sé aghaidh ar dhlíodóirí chun an costas a bhaineann le cúnamh dlí a laghdú.

Dúirt sé go bhfanfadh sé sa Tionól mar Theachta d’Aontroim Theas ach dhiúltaigh sé a rá an seasfadh sé i dtoghchán arís. Beidh sé 70 bliain d’aois nuair a bheidh an chéad toghchán Tionóil eile ann. ’Sé Alliance an tríú páirtí de na cúig cinn
a bhí sa bhFeidhmeannas roimhe seo a mbeidh ceannaire nua air le bliain. Tháinig Arlene Foster i gcomharbacht ar Peter Robinson mar cheannaire an DUP i mí na Nollag anuraidh agus toghadh Colum Eastwood mar cheannaire ar an SDLP an mhí roimhe sin.

Fógrófar ceannaire nua an Alliance go hoifigiúil ar an 26ú lá den mhí seo. ’Sí Naomi Long atá ag gníomhú go heatramhach mar cheannaire, rogha na coitiantachta mar chomharba ar David Ford. ’Sé dúshlán an cheannaire nua tógáil ar an bhforbairt a rinne Ford. Ní haon ribín réidh é sin.

Beidh laghdú ar líon na suíochán sna toghcháin as seo amach, mura ngairmeann Theresa May olltoghchán gan choinne,, agus beidh an choimhlint níos déine, dá réir. Má tá deis fáis i ndán don Alliance, caithfidh an ceannaire nua a chur i gcion ar vótóirí go mbaineann an páirtí le hábhar agus go bhfuil feidhm leis seachas a bheith ann mar rogha dóibh sin atá ag iarraidh páirtithe eile a sheachaint. Mar pháirtí aontachtach – le “a” beag, ach aontachtach mar sin féin- ní raibh rath air riamh taobh thiar den Bhanna. Nuair a bheidh an gort níos plódaithe tar éis leasú na dtoghcheantar, beidh brú ar mhionpháirtithe gach áit, ní áirím ceantair inar theip orthu go seasta go dtí seo.

Fág freagra ar 'Dúshláin roimh Alliance agus David Ford éirithe as an gceannaireacht'