Dúshláin mhóra le sárú ag Fine Gael más leo a dtríú tréimhse rialtais as a chéile a bhaint amach

Dúirt Leo Varadkar gur dhá shuíochán déag breise an sprioc ag Fine Gael san olltoghchán ach dúshlán mór dó líon na dteachtaí a bheidh ag éirí as…

Dúshláin mhóra le sárú ag Fine Gael más leo a dtríú tréimhse rialtais as a chéile a bhaint amach

Ní haon rún é go bhfuil polaiteoirí agus a gcuid páirtithe ag fáil faoi réir d’olltoghchán. Le linn teacht le chéile Fhine Gael i gCorcaigh le gairid dúirt an Taoiseach gurb í mí na Bealtaine 2020 a rogha féin mar dháta don olltoghchán. Ar ndóigh níl aon bharántas aige go mairfidh an rialtas go dtí sin, go háirithe má thoilíonn Fianna Fáil deireadh a chur leis an gcomhaontú soláthair agus muiníne nuair a bheidh an reachtaíocht a bhaineann le feidhm a thabhairt don cháinaisnéis rite ag an Dáil san earrach.

Le linn na cainte céanna sin, dúirt Leo Varadkar go mbeadh dhá shuíochán déag breise mar sprioc ag Fine Gael san olltoghchán sin. Cuireann an líon Teachtaí Dála de chuid an pháirtí a bheidh ag éirí as i gcuimhne dúinn na dúshláin atá rompu.

Ní raibh aon súil ag an bpáirtí an tseachtain seo caite le fógra an Aire Stáit Jim Daly go mbeadh sé ag éirí as an bpolaitíocht ag an gcéad toghchán eile. Cúinsí tíreolaíochta agus teaghlaigh a thug ar fhear Dhroichead na Bandan droim a thabhairt le Teach Laighean. Roinnt seachtainí roimhe sin, d’fhógair Teachta Dála eile as Cúige Mumhan – John Deasy as Port Láirge – go raibh sé féin ag éirí as. Ní mba dhíol iontais rómhór an fógra sin de bharr na ndeacrachtaí a bhí ag Fine Gael i bPort Láirge.

Tá cúigear Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael ag éirí as ag an olltoghchán – an t-iarThaoiseach Enda Kenny i Maigh Eo, an t-iar-aire airgeadais Michael Noonan i Luimneach, an t-iarCheann Comhairle Seán Barrett i nDún Laoghaire, an tIarAire Dara Murphy i gCorcaigh Láir Thuaidh agus an cúlbhinseoir as Sligeach Tony McLoughlin.

Cé nach bhfuil an scéal baileach chomh dona le cás Fhianna Fáil in 2011, díol imní é seo do pháirtí a mbeidh dhá théarma rialtais agus beagnach deich mbliana i gcumhacht curtha díobh acu. Anuas air sin, tá tacaíocht an pháirtí sna pobalbhreitheanna ag sleamhnú leis go leanúnach. Níor chóir a chur as an áireamh ach an oiread go bhféadfadh tuilleadh teachtaí dála éirí as idir seo agus tráth an toghcháin.

Míbhuntáiste mór é seo d’Fhine Gael más leo dul chun cinn a dhéanamh agus an tríú tréimhse i rialtas a bhaint amach. Tá beirt Teachtaí Dála eile caillte acu freisin – Peter Fitzpatrick as Contae Lú a d’éirigh as mar gheall ar cheist an ghinmhillte agus Frances Fitzgerald a toghadh mar Fheisire Eorpach sa samhradh. Fágann sin 41 suíochán Dála acu roimh an olltoghchán. Tá súil acu ceann de na fothoghcháin a mheastar atá le reáchtáil ag deireadh mhí na Samhna a ghnóthachtáil, ach fiú leis an méid sin beidh trí shuíochán níos lú ná Fianna Fáil acu agus iad ag tabhairt aghaidh ar na bothanna vótála.

Ar ndóigh tá port an pháirtí thar a bheith dearfach agus iad ag caint faoi na suíocháin ar fad a choinneáil, go háirithe i Maigh Eo agus i Luimneach. Tá deacrachtaí cheana féin acii Sligeach-Liatroim agus brú á chur ar an Teachta Tony McLoughlin gan éirí as. Tá beirt iarrthóirí eile tarraingthe siar ón gcoimhlint cheana féin.

Agus súil á caitheamh ar na dáilcheantair éagsúla, is deacair toghcheantair ina mbeadh deis acu suíochán breise a aimsiú a fheiceáil, ní áirím dosaen acu. Idir sin agus na pobalbhreitheanna is léir go bhfuil deacrachtaí le sárú ag Fine Gael más leo a mian – an tríú tréimhse rialtais as a chéile – a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Dúshláin mhóra le sárú ag Fine Gael más leo a dtríú tréimhse rialtais as a chéile a bhaint amach'