Dúshláin éagsúla roimh fhoirne na hÉireann

Is cinnte go mbeidh Cúige Mumhan ar a míle dícheall ag iarraidh dún a dhéanamh de Pháirc Thuamhan

Dúshláin éagsúla roimh fhoirne na hÉireann

Is cinnte go mbeidh na Cúigí ar fad ag iarraidh tógáil ar an tús maith a chuir siad leis an gcomórtas Pro 14 an seasúr seo an deireadh seachtaine seo caite.

Ceithre bhua as ceithre chluiche a bhí againn, cé raibh sé mall go maith nuair a chinntigh na Muimhnigh agus na Connachtaigh an bua dóibh féin.

Inniu, caithfidh trí chúige, Cúige Laighean, Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht taisteal thar sáile agus iad ar thóir a gcéad bhua eile sa gcomórtas.

Seans gur roimh na Connachtaigh agus na hUltaigh atá an dúshlán is mó den trí fhoireann sin. Ina gcás siúd beidh siad ag tabhairt faoi dhá fhoireann a bhuaigh i mBabhta 1 freisin. Ní amháin sin ach is as baile a bhí na foirne sin ag imirt an deireadh seachtaine seo caite.

Is iad na hOspreys rogha na coitiantachta agus iadsan ag tabhairt faoi Chúige Uladh sa Liberty Stadium. Bhí bua le trí úd ag na hOspreys seachtain ó shin ar Dhún Éideann rud a chuirfeas go leor lena bhféinmhuinín i gcoinne Chúige Uladh, foireann a bhí faoi bhrú ag Treviso le don chuid is mó den chomhlint a bhí eatarthu i mBabhta 1. Beidh ar na hUltaigh go leor de na deacrachtaí bunúsacha a tháinig chun solais sa gcluiche sin a chur ina gceart más leo aon phointe a thabhairt leo trathnóna inniu.

Ag caint ar dheacrachtaí bunúsacha dom, ní bheidh seans na ngrást ag Cúige Chonnacht má ghéilleann siad fiú agus leath den líon ciceanna éirice a thug siad uathu i mBabhta 1. Lig an easpa féinsmachta, sa gcéad leath go háirid, síos go dona iad seachtain ó shin, fiú má bhí an lá leo ag deireadh an chluiche. Más mar sin a imreoidh siad arís, is deacair bua a thuar dóibh, as baile ar aon chaoi, fiú más i gcoinne Chaerdydd, ceann de na foirne is laige sa gcomórtas a bheas siad.

San Iodáil a bheas Cúige Laighean agus iadsan ag tabhairt faoi Treviso, foireann a chaill a gcéad chluiche. Is deacair bua a thuar do Treviso fiú agus iad sa mbaile i gcoinne churaidh an chomórtais. Bua eile, agus chúig phointe b’fhéidir ,do na Laighnigh.

I Luimneach a bheas Cúige Mumhan ag fáiltiú roimh Dhún Éideann. Is cinnte go mbeidh na Muimhnigh ar a míle dícheall ag iarraidh dún a dhéanamh de Pháirc Thuamhan agus bua eile lena stór go luath sa gcomórtas.

Tá mé cinnte freisin go mbeidh feabhas ar a gcuid imreoirí ó thaobh cúrsaí smachta. Cé gur bhuaigh siad i mBabhta 1 thug siad naoi gcic éirice uatha rud a thug 27 pointe don fhreasúra. Má tharlaíonn sin arís, is cinnte go n-íocfaidh an tArm Dearg go daor as.

 

Fág freagra ar 'Dúshláin éagsúla roimh fhoirne na hÉireann'