Dúrúch oibre na Ríochta fíorthábhachtach roimh thús an tsamhraidh

Is beag seans go raibh Ciarraí nó Maigh Eo róbhuartha faoi chluiche ceannais na sraithe cúpla mí ó shin ach ní bheidh siad ag iarraidh an seans ar chorn a chur amú tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh

Dúrúch oibre na Ríochta fíorthábhachtach roimh thús an tsamhraidh

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ciarraí v Maigh Eo – Páirc an Chrócaigh, 4.00pm (Beo ar TG4)

Nuair a chuir Ciarraí agus Maigh Eo tús leis an tSraith Peile mí Eanáir, is beag seans go raibh bainisteoirí na bhfoirne, Peter Keane agus James Horan, ag díriú rómhór ar áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Agus an bheirt díreach tagtha isteach an t-am sin, bhí neart rudaí eile ag déanamh tinnis dóibh.

Ach rachaidh an dá fhoireann chun páirce i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus deis iontach acu corn a thabhairt leo abhaile. Tá seans ag Keane ar a chéad chorn a bhuachan mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir na Ríochta agus cé nach rachaidh aon duine sa Ríocht thar fóir má bhuann Ciarraí sraith eile, ba mhaith an chríoch í le feachtas breá sraithe.

Déarfá go mbeadh an bua seo níos tábhachtaí d’imreoirí Mhaigh Eo. Cé go ndearna an fhoireann seo thar cionn le roinnt blianta anuas, níl comórtas náisiúnta buaite ag Maigh Eo ó bhuaigh ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na sraithe in 2001.

Ó shin i leith d’imir Maigh Eo i gcluiche ceannais na sraithe faoi thrí agus i gcluiche ceannais na hÉireann sé huaire ach níor éirigh leo aon cheann acu a bhuachan.

Beidh siad dóchasach go maith tráthnóna ó tharla go bhfuair siad an ceann is fearr ar Chiarraí coicís ó shin i mBabhta 6 i dTrá Lí. Cé go raibh an aimsir go hainnis an oíche sin, bhí Matthew Ruane agus Aidan O’Shea ar fheabhas i lár páirce do Mhaigh Eo agus bhí tionchar ollmhór acu ar an gcluiche, a bhuaigh na Connachtaigh, 1-10 in aghaidh 0-11.

Fuair Maigh Eo an ceann is fearr ar Mhuineachán an deireadh seachtaine seo caite cé nach raibh teacht acu ar chuid de na himreoirí is mó taithí atá acu, leithéidí Chris Barrett, Keith Higgins, Lee Keegan agus Colm Boyle. Ba cheart go mbeadh cuid díobhsan ar an bpáirc tráthnóna.

Seans nach mbeidh an lá chomh salach céanna agus a bhí i dTrá Lí coicís ó shin, agus beidh súil ag Ciarraí go dtiocfaidh feabhas orthu lár páirce. Ach is é an rud is mó a thabharfaidh misneach dóibh go mbeidh David Clifford acu an babhta seo.

D’aimsigh an tosach cúig phointe in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite agus beidh lucht tacaíochta na Ríochta ag súil go gcuirfidh Clifford lánchúlaithe Mhaigh Eo faoi bhrú mór tráthnóna.

Ní dhearna ceachtar foireann rómhaith an uair dheireanach ar imir siad i bPáirc an Chrócaigh. Chlis Ciarraí i gcoinne na Gaillimhe ansin mí Iúil seo caite agus bhuail Áth Cliath greadadh ar Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo caite ach ba cheart go mbeadh iomaíocht níos fearr againn tráthnóna.

Thug Ciarraí taispeántais mhaithe uathu níos rialta i rith an earraigh ná mar a rinne Maigh Eo agus má bhíonn an díocas agus dúrúch oibre céanna orthu agus a bhí d’fhormhór na sraithe, ba cheart gur leo a bheadh an lá.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Dúrúch oibre na Ríochta fíorthábhachtach roimh thús an tsamhraidh'