‘Dúradh le mo bhean go raibh seans 50/50 agam’ – a scéal inste ag Gaeilgeoir aitheanta a chaith os cionn coicíse i gcóma

Chaith Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir aitheanta as Béal Feirste os cionn coicíse i gcóma in Ospidéal Cheantar Aontroma agus é i mbéal an bháis de bharr Covid-19

‘Dúradh le mo bhean go raibh seans 50/50 agam’ – a scéal inste ag Gaeilgeoir aitheanta a chaith os cionn coicíse i gcóma

Tá cúr síos déanta ag Gael aitheanta as Béal Feirste ar an seal a chaith sé go dona tinn in ospidéal leis an gcoróinvíreas.

Chaith Niall Murphy, Gaeilgeoir, dlíodóir agus feachtasóir, os cionn coicíse i gcóma in Ospidéal Cheantar Aontroma agus é i mbéal an bháis.

“Cuireadh comhairle ar mo bhean chéile oíche amháin go raibh seans 50/50 ann go dtiocfainn slán as,” a deir Murphy in agallamh le Meon Eile.

“Bhí mé i gcóma ar feadh 16 lá, i ngan fhios dom féin dar ndóigh, ach d’iompair mo theaghlach an tromualach.”

Cuireadh Murphy ar aerálaí agus é san aonad dianchúraim san ospidéal ach, ar an dea-uair, tháinig biseach ollmhór air agus thug oibrithe sláinte bualadh bos dó nuair a ligeadh amach as an aonad dianchúraim é Aoine an Chéasta.

Tá Murphy ina pháirtnéir sa chomhlacht dlí KWR Law agus clú agus cáil air as lear mór cásanna dlí éagsúla, ina measc cinn inar chosain sé cearta íobartaigh na dTrioblóidí.

Sheas sé an fód go minic do chearta teanga chomh maith agus tá sé ina chrann taca ag an bhfeachtas ar son achta Gaeilge.

Bhí ar an bhFeirsteach taisteal go Nua-Eabhrac mí an Mhárta sular buaileadh tinn é agus is dóigh leis gur ann a tholg sé an víris.

“Measaim gur tholg mé é sa tacsaí chuig an aerfort, san aerfort nó ar an eitleán féin.”

Nuair a d’fhill sé ar an mbaile níor bhraith Murphy aon siomptóim ar feadh cúpla lá. Lean sé air ag obair ach chuaigh rudaí in olcas ag an deireadh seachtaine.

Agus fiabhras air, rinne Murphy féinleithlisiú sa bhaile. Nuair nár tháing aon bhiseach air, áfach, chuaigh Murphy go dtí an otharlann ar an 25 Márta.

Deimhníodh go raibh an coróinvíreas air. D’éirigh sé níos measa agus cuireadh ar an aerálaí é.

Ghabh Murphy buíochas le gach duine a thug aire dó agus é san ospidéal agus thug sé ardmholadh do lucht na seirbhísí sláinte atá ag obair go crua faoi láthair.

Tá na daoine seo ar comhchéim leis na foirne dóiteáin a dheifrigh isteach sa Dá Thúr ar 9/11, ach iarradh orthu dul i ngleic leis an ghéarchéim seo agus easpa trealaimh cosanta phearsanta orthu,” arsa Murphy.

Fág freagra ar '‘Dúradh le mo bhean go raibh seans 50/50 agam’ – a scéal inste ag Gaeilgeoir aitheanta a chaith os cionn coicíse i gcóma'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Comhghairdeas le Niall, an-obair déanta ag na daoine sa choras leighis.