Cosc ar Chúisimh. Cosc ar Ionchoisní. Cosc ar chásanna cúirte sibhialta. Toirmeasc dlíthiúil ar Ombudsman na bPóilíní agus an PSNI eachtraí a bhain leis na Trioblóidí a fhiosrú.
Mar is leir ón liosta sin bhí na moltaí a d’fhógair rialtas na Breataine chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí níos uileghabhálaí ná mar a ceapadh roimh ré.
Ní Reacht na dTréimhsí amháin atá i gceist maidir le coireanna na dTrioblóidí go dtí 1998 ach bac ar gach cineál scrúdú breithiúnais. Go bunúsach, dúnfar gach doras ar íobartaigh a dteastaíonn uathu dul i muinín an dlí i dtaca le marú a muintire. Saoirse iomlán ó fhiosrú dlíthiúil ar mharú nó dúnmharú gan trácht ar chiontú nó pionós is ea é d’iarshaighdiúirí agus feidhmeannaigh stáit eile chomh maith leis na paraimíleataigh, idir phoblachtaigh agus dílseoirí.
D’éirigh le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, aontas annamh a bhaint amach. Bhí na cúig phríomhpháirtí in Stormont, eagraíochtaí éagsúla na n-íobartach, na hEaglaisí, rialtas na hÉireann agus daoine a raibh baint mhór acu le riar na córa go léir ar aon intinn go raibh ‘páipéar ceannais’ na Breataine doghlactha.
Ceist eile ar fad é an mbeidh siad in ann tionchar a imirt, stop a chur leis an bplean nó é a leasú fiú amháin.
Dúirt an Státrúnaí Lewis go mbeadh sé ag dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar fad faoin scéim, mar chuid den phróiseas comhairliúcháin a fógraíodh i ndiaidh a chruinnithe i mBaile Átha Cliath le Simon Coveney, an tAire Gnóthaí Eachtracha, an mhí seo caite. Bhí socrú Stormont House (2014) in ainm is a bheith mar bhunús leis an gcomhairliúchán sin dar le Baile Átha Cliath ach an chuid is téagartha den réiteach sin caite i dtraipisí i moltaí na Breataine.
Mhaígh Brandon Lewis go raibh sé i gcomhairle le daoine sula ndearna sé an fógra sa Pharlaimint in Westminster Dé Céadaoin. Malairt scéil a bhí ag na páirtithe leasmhara a labhair amach. Deirtear go raibh ionadaithe ar pharaimíleataigh ar an eolas ach d’fhan siadsan ina dtost – tuige a mbeadh siadsan nó iarshaighdiúiri míshásta le pas saor.
Ar saothar in aisce é ag éinne eile a bheith ag caint le Brandon Lewis? Labhair an tAire Coveney agus na cúig pháirtí –DUP, Sinn Féin, SDLP, UUP agus Alliance ar fad leis an Státrúnaí i gcruinniú fíorúil maidin Dé hAoine, iad ar fad ag cur a bhfreasúra don bplean in iúl dó. Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha nach fait accompli é scéim na Breataine ach ní hé sin an chosúlacht ar an scéal.
Bhí na Caomhaigh diongbháilte de le tamall de bhlianta go gcuirfidís toirmeasc ar chúiseamh saighdiúirí/iarshaighdiúirí. Chomh maith lena bplean chun trúpaí a bhí ar dualgas thar lear a chosaint, gheall forógra toghcháin na dTóraithe in 2019 go gcinnteofaí nach mbeadh ar iarshaighdiúirí a bhí ar dualgas abhus ‘fiosruithe cráiteacha’ a fhulaingt. Níorbh fhéidir iad a chur san áireamh sa reachtaíocht do thrúpaí thar lear, mar gur san Ríocht Aontaithe, i dTuaisceart Éireann a rinneadh na gníomhartha a bheadh le fiosrú.
Is léir do na híobartaigh abhus gur chun na hiarshaighdiúirí a chosaint atá an tsaoirse ó chúiseamh molta do gach dream ag an rialtas. Dúirt Príomháidh Eaglais na hÉireann, an tArd-Easpag John McDowell gurb é leas polaitiúil [an dreama] sa Bhreatain Mhór a rialaigh polasaí i dtaca le Tuaisceart Éireann. Bhí sé sin soiléir ó na nuachtáin Shasanacha a chuir na múrtha fáilte roimh fhógra Brandon Lewis fad is a bhain sé le feidhmeannaigh stáit. Fuair rialtas Boris Johnson comhairle go mbeadh sé in aghaidh an dlí faoiseamh ó chúiseamh d’fheidhmeannaigh stáit amháin a cheadú. Dá bhrí sin b’éigean dóibh gach dream a chur san áireamh.
Murar leor sin mar bhuille do na híobartaigh dúirt Brandon Lewis agus an Príomh-Aire Johnson go dtarraingeodh an beart seo líne faoi na Trioblóidí – go gcuirfeadh sé an t-anró agus an nimh laistiar dínn agus go gcuideodh sé le cothú an athmhuintearais. Feall agus saontacht a thug an tArd-Easpag Caitliceach, an Dochtúir Éamonn Martin air sin. Masla sa bhreis do na híobartaigh é a bheith á thabhairt le fios gurb iadsan faoi ndear an droch-chaidreamh sa tsochaí.
Tugadh bréag-gheallúintí do na híobartaigh le blianta. Bhí sé soiléir i gcónaí go raibh an-chuid cásanna nach bhfuasclófaí choíche agus b’éagóir é a mhalairt a thabhairt le fios. B’éagóir é chomh maith ligint don tsíorchaint leanúint ar aghaidh i bhfad rófhada, gan gníomh. Fágann an plean seo gan dóchas ná ceart iad.
Seans gur saothar in aisce a bheadh sa bhrú ó pháirtithe logánta ach má tá seans ar bith le bheith aige caithfidh an cur chuige a bheith aontaithe. Ní mór do na páirtithe polaitiúla abhus éirí as an gcur chuige sin a thacaíonn le roinnt de na híobartaigh thairis daoine eile. Agus ansin féin, an éisteodh Brandon Lewis agus Boris Johnson?
Is cosúil gurb é atá i gceist lena ‘bpróiseas comhairliúcháin’ ná a bheith in ann a chur i gcéill gur beart aontaithe é an cinneadh saoirse ó chúiseamh a cheadú. Seans nach fiú a bheith ag brath ar bhrú polaitiúil agus gur dúshláin chúirte an t-aon bhac ar fait accompli na dTóraithe.
Fág freagra ar 'Dúnfar gach doras ar íobartaigh a dteastaíonn uathu dul i muinín an dlí chun an chóir a fháil'