Dúnadh Tigh Josie na Ceathrún Rua faoi chaibidil i dTithe an Oireachtais

Pléadh i dTeach Laighean inné cás an chlub oíche aitheanta Tigh Josie, nach mbeidh ag athoscailt arís ó dúnadh é ag tús na paindéime

Pléadh i dTeach Laighean inné cás Tigh Josie an chlub oíche aitheanta ar an Cheathrú Rua  nach mbeidh ag athoscailt arís nuair a mhaolófar na srianta. 

Ag labhairt dó ag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur “míthráthúil” an scéal ar Tuairisc.ie an tseachtain seo nach raibh sé i gceist ag úinéir Tigh Josie, Josie Lydon, an club oíche ar an Cheathrú Rua a oscailt arís. 

Thagair an t-iar-aire Gaeltachta don scéal mar chuid den phlé a bhí ar siúl ag an gcruinniú faoi nósmhaireacht teanga daoine óga sa Ghaeltacht. Dúirt Ó Cuív gur cheist í sin a bhíodh ag dó na geirbe aige le linn dó féin a bheith ina aire Gaeltachta breis is deich mbliana ó shin.

“Pléadh an cheist seo nuair a bhí mé sa Roinn. Míthráthúil go leor chonaic mé [inniu] go raibh Tigh Josie ag dúnadh agus nach mbeidh sé i gceist é a oscailt arís.

“[Nuair a bhí mise sa Roinn] bhí muide ag ceapadh gur cheart tosaí sna dioscós. An rud a bhí i gceist againn go bhfuil eolas ar an teanga fíorthábhachtach ach go bhfuil nósmhaireacht teanga scaití níos tábhachtaí fós. 

“Mar sin, má thosaíonn Gaeilgeoirí ag labhairt Béarla le chéile go sóisialta.., bíonn sé i bhfad níos deacra orthu gasúr a thógáil le Gaeilge ná mar a bheadh dá labhródh siad Gaeilge le chéile ón tús. Fáinne iomlán é seo, fáinne an tsaoil é.” 

Dúirt Ó Cuív, go gcaithfí “díriú isteach” ar cheist na ndéagóirí agus an teanga a bhíonn á labhairt acu. 

“Tá sé fíorthábhachtach dar liomsa go mbreathnaíonn muid ón tús ar fad ar an gceist seo agus a rá go bhfuil fíorthábhacht leis an aoisghrúpa 18-30… nuair a thosaíonn daoine ag dul amach le chéile agus cén teanga agus cén comhthéacs.” 

“Déanann sé an-difríocht má bhíonn Gaeilge ag an mbeirt agus níos bunúsaí ná sin céard a labhraíonn siad eatarthu féin,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

D’aontaigh Meadhbh Ní Ghaora, Oifigeach Forbartha le Tuismitheoirí na Gaeltachta, leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála Ó Cuív faoi thábhacht na gclubanna oíche sa Ghaeltacht agus na dúshláin a bhí roimh thuismitheoirí a bhí ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. 

“Sampla amháin a déarfainn féin ó tharla gur luaigh tú Tigh Josie. Beirt chairde, bhuail siad lena chéile Tigh Josie i nGaeilge agus tá an bheirt acu faoi 24. 

“Tá buachaill beag dhá bhliain acu agus cúpla trí mhí…Tá siad ag díriú ar an nGaeilge, ní labhraíonn siad Béarla…” a dúirt Meadhbh Ní Ghaora. 

Bhí Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Glór na nGael os comhair an Choiste Gaeilge agus Gaeltachta inné, tráth ar iarradh ar bhaill Thithe an Oireachtais tascfhórsa a bhunú chun dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga i measc theaghlaigh na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Dúnadh Tigh Josie na Ceathrún Rua faoi chaibidil i dTithe an Oireachtais'