Dún na nGall agus Tír Eoghain ar na deich gcluiche craoibhe a bheidh ar fáil i nGaeilge ar RTÉ

Pádraig Hampsey (Tír Eoghain) agus Peadar Mogan (Dún na nGall). Pictiúr: INPHO/Lorcan Doherty

Dún na nGall agus Tír Eoghain ar na deich gcluiche craoibhe a bheidh ar fáil i nGaeilge ar RTÉ

Cuirfidh RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do dheich gcluiche a bheidh á gcraoladh ar an teilifís i gcraobhacha CLG 2020 idir seo agus mí na Nollag.

Chomh maith leis na cluichí craoibhe, beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do chluiche speisialta i bPáirc an Chrócaigh idir foirne ó Bhaile Átha Cliath agus Tiobraid Árann a bheidh mar chuid d’ócáid chomórtha Dhomhnach na Fola ar an 21 Samhain.

Den chéad uair, cuirfidh RTÉ tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil ar an teilifís i mbliana do chluiche ceannais na craoibhe camógaíochta chomh maith. Beidh Cuán Ó Flatharta agus iar-imreoir Loch Garman Claire O’Connor ag déanamh cur ar an gcluiche atá le himirt ar an 12 Nollaig.

Cuireadh tús leis an tseirbhís Ghaeilge in 2015 nuair a cuireadh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil do chluichí ceannais na hÉireann agus cuirfear an tseirbhís ar fáil do chluichí i gcraobhacha na gcúigí den chéad uair i mbliana.

Is é an cluiche idir Dún na nGall agus Tír Eoghain i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh an cluiche mór peile an deireadh seachtaine seo agus tús á chur leis an gcraobh. Mac Dara Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide a bheidh ag cur síos ar an gcluiche do RTÉ. Cuirfear tús leis an gcluiche i mBealach Féich ag 1.30i.n. Dé Domhnaigh.

Seachtain ina dhiaidh, beidh rogha tráchtaireachta Ghaeilge ar fáil don choimhlint mhór i gCraobh Pheile na Mumhan nuair a thabharfaidh Corcaigh agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i bPáirc Uí Chaoimh.

Seachtain ina dhiaidh sin arís, déanfaidh Garry Mac Donncha agus Pat Fleury tráchtaireacht ar chluiche ceannais iomána na Mumhan ar an 15 Samhain.

Beidh an rogha Ghaeilge ann do cheann de chluichí ceathrú ceannais na craoibhe iomána chomh maith agus an dá chluiche sna babhtaí leathcheannais á n-imirt ar an 28 agus an 29 Samhain.

Beidh Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide i bPáirc an Chrócaigh do chluichí leathcheannais na craoibhe peile ar an 5 agus an 6 Nollaig.

Deireadh seachtaine mór a bheidh ann ar an 12 agus an 13 Nollaig. Beidh an cluiche ceannais camógaíochta ann Dé Sathairn agus cluiche ceannais iomána ann Dé Domhnaigh agus tráchtaireacht Ghaeilge á dhéanamh ar an dá chluiche.

Cuirfear deireadh leis an séasúr ar an 19 Nollaig nuair a imreofar cluiche ceannais peile an hÉireann i bPáirc an Chrócaigh agus Garry Mac Donncha agus Dara Ó Cinnéide a beidh ar dualgas arís.

Beidh gach cluiche acu beo ar RTÉ NEWS CHANNEL (ainm nua RTÉ NEWS NOW) seachas an chéad chluiche idir Dún na nGall agus Tír Eoghain. Beidh an tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil beo do gach cluiche ar na hardáin seo thíos.

RTÉ PLAYER
Cliceáil in aon áit nuair atá clár ar siúl – Tagann na rialtáin {controls} aníos; brúigh ar an mbosca beag fotheideal/teanga (Tá an bosca beag seo suite ag bun an scáileáin ar thaobh na láimhe deise). Roghnaigh – audio language – ; Roghnaigh – Irish.

SAORVIEW:
Roghnaigh teanga – Gaeilge – CGL

SKY:
Brúigh Help – Switch audio description OFF – Ar an gcianrialtán brúigh Services – System Set up nó Options – Language&Subtitles nó Accessiblity – Favourite Language (roghnaigh Irish) Save New Settings.
Return to Help and Switch Audio Description ON.

EIR:
Roghnaigh Menu (roghchlár) – Settings (socruithe) – OK
Select Display Format – Default Audio Track – Irish

VIRGIN:
Roghnaigh OK → Subtitles & A/V → Audio → GLE-Stereo

Fág freagra ar 'Dún na nGall agus Tír Eoghain ar na deich gcluiche craoibhe a bheidh ar fáil i nGaeilge ar RTÉ'