‘Dún’ na gConnachtach ar an mBóthar Beag ullamh do theacht na Laighneach

Tá na Connachtaigh ag imirt le stíl agus sprid iontach faoi láthair agus ó tháinig Pat Lam isteach mar bhainisteoir, tá an Bóthar Beag ina chineál dún acu

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

Tá Comórtas na Sé Náisiún thart agus ó tharla nár éirigh le Cúige Laighean, Cúige Uladh ná Cúige Mumhan babhtaí ceathrú ceannais Chorn na gCuradh féin a bhaint amach, níl fágtha acu anois ach comórtas an Pro 12.

An Aoine seo, beidh na Muimhnigh, foireann atá sa gcúigiú háit ar an tábla, ag tabhairt faoi Zebre, dream atá san aonú háit déag. Is cinnte go mbeidh na Muimhnigh sásta go mbeidh buntáiste an bhaile acu agus greadadh uafásach faighte acu ó Chaerdydd sa baile Dé hAoine seo caite.

Níl aon dabht ach go mbeidh an lá leis na Muimhnigh sa gcluiche seo, ach mura mbeidh siad in ann pointe bónais a fháil as beidh an baol ann nach mbeidh siad in ann áit a aimsiú sna cluichí leathcheannais. Níl ach cúig chluiche fágtha ag Foley chun cúrsaí a chur ina gceart agus seo é an ceann is fusa díobh siúd.

Beidh dúshlán ollmhór roimh na hUltaigh agus iad ag imirt as baile i gcoinne Ghlaschú, curaidh an chomórtais. Is cinnte go mbeidh an bua iontach a bhí ag Glaschú ar na Laighnigh ina spreagadh dóibh agus iad ar thóir áit i measc an cheithre fhoireann atá ar bharr thábla an Pro 12. Dála an scéil, is iad na hUltaigh atá sa gceathrú háit faoi láthair agus Glaschú atá sa séú háit ach ní scarann ach ceithre phointe iad. Sin anois brú duit! Tá 38 úd aimsithe ag na Laighnigh.

Níl sé éasca breith a thabhairt ar thoradh an chluiche seo.  Tá na Connachtaigh ag imirt le stíl agus sprid iontach faoi láthair. Ó tháinig Pat Lam isteach mar bhainisteoir, tá an Bóthar Beag ina chineál dún acu. Is ar éigean a chaill siad ann ó thús an tséasúir agus is cinnte go mbeidh na mílte dá lucht leanta dílis ann le tacaíocht ghlórach a thabhairt dóibh.

Mar sin féin, ní féidir fir Átha Cliath a chur as an áireamh. Tá siadsan ag tabhairt neart lucht leanta anoir thar Sionainn leo agus tá seanchleachtadh ag imreoirí Leo Cullen ar imirt ag ócáidí móra agus iad faoi bhrú. Má tá aon rud ann a scarann an dá fhoireann seo óna chéile, sin ná gurb iad Laighnigh is fearr ag aimsiú scóranna leis an mbróg. Níl aon dabht ach oiread ach go mbeidh binse níos láidre acu ná mar a bheas ag na Connachtaigh.

Mar sin féin, níl na geallghlacadóirí in ann iad a scaradh. Sin léargas ar a éifeachtaí agus atá na Connachtaigh agus iad sa mbaile.

Beidh sárchoimhlint idir na foirne seo.

Fág freagra ar '‘Dún’ na gConnachtach ar an mBóthar Beag ullamh do theacht na Laighneach'