Dul chun cinn dochreidte déanta ag contae na Mí ach Áth Cliath is láidre

Tá Áth Cliath sa tóir ar a gcúigiú craobh as a chéile inniu agus iad ag imirt in aghaidh na Mí, atá ag imirt i gcluiche ceannais na sinsear den chéad uair

Dul chun cinn dochreidte déanta ag contae na Mí ach Áth Cliath is láidre

Emma Duggan agus Lyndsey Davey. Pictiúr: NPHO/James Crombie

Áth Cliath v An Mhí – Páirc an Chrócaigh, 4.15pm (Beo ar TG4)

Cé gur cloíodh faoi dheireadh fir na príomhchathrach i gCraobh na hÉireann, níl deireadh tagtha go fóill le ceannas mhná Átha Cliath agus iad mar rogha láidir na coitiantachta do chluiche ceannais na hÉireann tráthnóna.

Tá Áth Cliath sa tóir ar a gcúigiú craobh as a chéile inniu agus nuair a chuirtear san áireamh na trí chluiche ceannais as a chéile a chailleadar idir 2014-16, seo í an t-ochtú bliain as a chéile go bhfuil siad ag dul chun páirce ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh.

Amhail na bhfear, níor bhain mná Átha Cliath barr a maitheasa amach i mbliana go fóill ach tá siad fós chun tosaigh ar na foirne eile atá in iomaíocht leo.

Ba cheart go ndéanfadh Maigh Eo níos fearr ina gcoinne sa chluiche leathcheannais ach bhí Áth Cliath róghlic agus rómhaith dá gcéilí comhraic.

Hannah Tyrrell ba chúis le go leor de sin. Tá Tyrrell ar ais ag imirt le hÁth Cliath i mbliana tar éis  blianta a chaitheamh ag imirt le foirne rugbaí na hÉireann, ach níor chaill sí bua na peile riamh. Scóráil sí cúig phointe den scoth in aghaidh Mhaigh Eo nuair a bhí imreoirí eile timpeall uirthi ag streachailt agus is buntáiste mór é d’Áth Cliath go bhfuil sí in ann imirt sa líne lántosaithe nó thart ar lár na páirce, más gá.

Cúis amháin a bhí le deacrachtaí Átha Cliath i mbliana ná na gortuithe a bhain d’imreoirí tábhachtacha. Tá Carla Rowe ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír ach níor imir sí féin, Niamh McEvoy ná Niamh Collins in aghaidh Mhaigh Eo agus mar ionadaí a tháinig Sinéad Goldrick isteach tar éis di a bheith leonta ar feadh na bliana.

Tá Goldrick, Rowe agus Collins ainmnithe ar an bhfoireann inniu ag Mick Bohan ach feicfimid an mbeidh siad sách aclaí chun an cluiche a thosú mar mura bhfuil, tabharfaidh an Mhí a ndúshlán.

Tá dul chun cinn ar leith déanta ag foireann na Mí le blianta beaga anuas. Mar a luadh go minic tar éis dóibh Corcaigh a chloí sa bhabhta leathcheannais, níl ach cúig bliana ann ó chaill mná na Mí in aghaidh Chorcaí le 40 pointe i gcluiche craoibhe.

Tá an fhoireann ar an mbóthar ceart ó shin, áfach. Chaill an Mhí cluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí in 2018 agus in 2019 ach bhaineadar ardú céime amach aoi dheireadh anuraidh agus ag dul i bhfeabhas atá cúrsaí i mbliana.

Sháraíodar Ard Mhacha, a mheastar ar cheann de na ceithre nó cúig fhoireann is fearr sa tír, sna babhtaí ceathrú ceannais agus tháinig an bua iontach i gcoinne Chorcaí ina dhiaidh sin. Dhá chúl chun deiridh a bhí an Mhí agus gach ach nóiméad go leith fágtha ach scóráil Stacey Grimes agus Emma Duggan cúil chun na foirne a fhágáil ar comhscór sular thhug na Laighnigh an lá leo san am breise.

Is í Duggan gaiscíoch na Mí i mbliana. Fuair an bhean óg torthaí na hArdteiste Dé hAoine ach is ar chluiche ceannais na hÉireann a bheidh sí dírithe inniu. 1-5, ar an meán, atá faighte ag Duggan i ngach cluiche go dtí seo sa chraobh agus í an-chumasach ag scóráil cúl, mar atá a leathbhádóir sa líne lántosaithe, Vikki Wall.

Ba mhór an cúnamh cúpla cúl ón mbeirt seo luath i gcluiche an lae inniu más leis an Mhí an beart a dhéanamh ach, in ainneoin an dul chun cinn uile atá déanta i dtréimhse ghearr acu, déarfá go bhfuil Áth Cliath fós céim nó dhó chun cinn orthu.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn dochreidte déanta ag contae na Mí ach Áth Cliath is láidre'