‘Dul chun cinn ar bith’ déanta ag an OPW i dtaobh ‘áit pháirceála shábháilte’ ag Dún Aonghusa

Tá Dún Aonghusa i measc na láithreacha turasóireachta is mó cuairteoirí de chuid an OPW in iarthar na tíre le cúpla bliain anuas

‘Dul chun cinn ar bith’ déanta ag an OPW i dtaobh ‘áit pháirceála shábháilte’ ag Dún Aonghusa

Ní aon dul chun cinn déanta maidir le háit pháirceála shábháilte a sholáthar ag Dún Aonghusa, in Inis Mór, ceann de na príomhláithreacha turasóireachta atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) in iarthar na tíre.

Thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe an méid sin le fios agus ceist scríofa Dála á freagairt aige a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív.

D’fhiafraigh an Teachta Dála Ó Cuív den Aire Donohoe faoin “dul chun cinn” atá déanta ag an OPW i dtaobh áit pháirceála shábháilte a bheadh feiliúnach do bhusanna, carranna agus carráistí capall gar do Dhún Aonghusa in Árainn.

Dúirt an tAire Donohoe go bhfuil “plean curtha le chéile” ag an OPW “chun sábháilteacht a fheabhsú ag an mbealach bóthair go dtí suíomh Séadchomhartha Náisiúnta Dhún Aonghusa”, ach d’admhaigh sé nach raibh “aon dhul chun cinn déanta ar an togra” go dtí seo.

“Níl aon réiteach go fóill ar na saincheisteanna easaontais le páirtithe leas-sealbhóirí áirithe. Cé go raibh comhráite leis an bpríomhúinéir talún, níl aon dul chun cinn déanta leis an togra,” a dúirt an tAire Donohoe.

Dúirt sé go raibh “súil” ag Oifig na nOibreacha Poiblí teagmháil a dhéanamh leis na leas-sealbhóirí atá i gceist “go luath” agus go gcuirfí “na hoibreacha riachtanacha atá le déanamh ar an mbóthar príobháideach” san áireamh i bPlean Gnó 2019.

Maidir leis na bóithre poiblí, thug sé le fios nach raibh agus nach mbeadh aon teagmháil á déanamh ag Oifig na nOibreacha Poiblí le Comhairle Chontae na Gaillimhe faoin cheist mar go raibh sé “taobh amuigh” de chúram na hoifige sin.   

Fógraíodh i mí Aibreán na bliana seo go mbeadh infheistíocht €600,000 á déanamh ag Fáilte Ireland agus an OPW i láithreacha oidhreachta de chuid an OPW ar an oileán Gaeltachta.

Dúradh ag an tráth sin go gcaithfí an t-airgead ar Ionad turasóireachta Dhún Aonghusa agus ar “áiseanna léirmhíniúcháin” ag láithreacha eile de chuid an OPW ar an oileán.

Fág freagra ar '‘Dul chun cinn ar bith’ déanta ag an OPW i dtaobh ‘áit pháirceála shábháilte’ ag Dún Aonghusa'

  • Seán Mac Bhriain

    An maródh sibh an focal “níl” a chur sa gceannteideal? Rud beag, ach rud bearránach.