Dul amú ar Fhianna Fáil faoi thoradh an toghcháin

Is cosúil go gceapann lucht Fhianna Fáil go bhfuil siad ar an mbóthar ar ais chun na cumhachta , ach tá Sinn Féin ag fanacht leo ‘ar an taobhlíne’

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Mura bhfuil comhartha ar bith ann gur fhoghlaim Páirtí an Lucht Oibre aon cheacht as tubaiste an toghcháin, ní léir gur fhoghlaim Fianna Fáil aon cheo ach an oiread.

Faoi dheireadh thiar tá an páirtí i ndiaidh dul isteach i mbun cainteanna le Fine Gael, ach tá na hurlabhraithe ag caitheamh níos mó ama i gcónaí ag míniú cén fáth nach nglacfaidís le socrú amháin nó socrú eile in ionad a rá cén socrú polasaí ba mhaith leo a fheiceáil.

Tá sé ionann is cinnte ámh nach mbeidh Fianna Fáil sásta dul isteach sa bPáirtnéireacht Mhór rialtais, mar a thug Enda Kenny air. Is léir nach mbeadh baill an pháirtí sásta tacú le socrú ar bith den chineál sin ag Ard-Fheis – agus tá tacaíocht ó Ard-Fheis riachtanach dá leithéid.

Tuigeann Micheál Martin go bhféadfaí an páirtí a scoilteadh dá ndéanfaí iarracht a leithéid a bhrú ar ardfheis, mar in ainneoin a nimh phearsanta i gcoinne Shinn Féin tá cuid mhaith den pháirtí níos compordaí leo siúd ná mar a bheadh le Fine Gael – ar bhonn staire amháin, fiú.

Tá sé deacair d’éinne taobh amuigh den dá pháirtí a fheiceáil cén difear mór atá ann idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Nuair a chuir mé ceist faoin ‘difear’ sin ar ghníomhaí amháin de chuid Fhianna Fáil, is é an freagra a fuair mé ná ‘cúrsaí uisce’!

‘Sé sin, tá Fine Gael ag iarraidh Uisce Éireann a choinneáil agus na táillí uisce (laghdaithe b’fhéidir) a théann leis agus tá Fianna Fail ag iarraidh fáil réidh le hUisce Éireann mar atá agus é a athbhunú tar éis cúig bliana agus táillí a thabhairt ar ais ansin. Agus sin é an difear mór idé-eolaíoch?

Anois, tá sé fógartha cheana ag Fine Gael nach nglacfaidís leis sin, ach níl Martin chomh cinnte faoi thoghchán eile a bhrú ar na vótóirí is atá roinnt mhaith eile den pháirtí. Pictiúr: Rolling news
Tá  sé fógartha cheana ag Fine Gael nach nglacfaidís leis sin, ach níl Martin chomh cinnte faoi thoghchán eile a bhrú ar na vótóirí is atá roinnt mhaith eile den pháirtí. Pictiúr: RollingNews.ie

Maidir lena bhfuil i ndán dúinn ó thaobh rialtais de, deir Charlie McConalogue gur rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil a chaithfeas a bheith ann.  Deir Willie O’Dea go gcaithfidh Fine Gael glacadh leis gur chaill siad an toghchán.

Sea, ach má chaill, tá níos mó suíochán Dála acu i gcónaí ná mar atá ag Fianna Fáil agus riachtanas níos lú acu neamhspleáigh a mhealladh chun tacú leo.

Ach deir Willie: ‘níor toghadh mise le Enda Kenny a chur ar ais mar Thaoiseach’.

Dá mbeadh ciall ar bith leis an ráiteas úd, ní hé amháin nach mbeadh glacadh ag Fianna Fáil le rialtas páirtnéireachta ach ní bheadh glacadh acu le rialtas mionlaigh de chuid Fhine Gael ach an oiread.

Ní fhágfadh sin aon rogha eile ach toghchán.

Agus mé ag caint le baill d’Fhianna Fáil, feictear dom go bhfuil an tuairim ag teacht chun cinn go láidir go gcreideann an-chuid díobh go bhfuil siad ar an mbóthar ar ais chun na cumhachta, is go dtreiseoidís a líon suíochán in aon toghchán.

Agus deir na daoine seo, fiú mura ligfidís don rialtas mionlaigh ach dhá bhliain, go mbeadh siad ceangailte le polasaithe is straitéis nach n-oirfeadh dóibh.

Tá an-bhrú mar sin ar Mhicheál Martin seasamh lena éileamh go mbunófaí rialtas mionlaigh de chuid a pháirtí féin.

Anois, tá sé fógartha cheana ag Fine Gael nach nglacfaidís leis sin, ach níl Martin chomh cinnte faoi thoghchán eile a bhrú ar na vótóirí is atá roinnt mhaith eile den pháirtí.

Go deimhin, is cosúil go bhfuil bob buailte ag Fine Gael ar a gcéile comhraic trí pháirtnéireacht chothrom a thairiscint. Tá siad ag teacht trasna mar dhream atá dáiríre faoi theacht ar shocrú a mhairfeas, in ionad a bheith ag freastal ar a leas polaitiúil féin amháin.

Seans go rachadh sé sin chun leas Fhine Gael in aon toghchán eile.

Ar an taobhlíne i gcónaí, ar ndóigh, tá Sinn Féin.  Ní raibh na huimhreacha acu ón tús aon iarracht fhírinneach a dhéanamh le rialtas a chur le chéile, ach creidim gur botún é – botún beag, ach botún mar sin féin – gan a bheith níos feiceálaí i mbun cainteanna le neamhspleáigh is le mionpháirtithe.

Sa chás go mbeadh fheachtas nua olltoghcháin ann, chuirfeadh na páirtithe móra i leith Shinn Féin nach ndearnadar aon iarracht páirt a bheith acu i gcruthú rialtais.  Is fiú dóibh cuimhneamh, b’fhéidir, gur tábhachtaí clár polasaithe ná ainm páirtí.

Mar sin féin, má bhunaítear rialtas beidh Sinn Féin in ann seasamh mar cheann feadhna an fhreasúra, is cuma cén cur i gcéill a bheadh ar siúl ag Fianna Fáil agus iad ag tabhairt tacaíocht do rialtas mionlaigh Fhine Gael.

Agus mura mbunaítear rialtas, beidh siad in ann a fhógairt sa toghchán nach féidir leis an eite dheis rialtas a bhunú is go bhfuil gá le tiontú chun na heite clé.

Ní hionadh go bhfuil Fianna Fáil buartha.

Fág freagra ar 'Dul amú ar Fhianna Fáil faoi thoradh an toghcháin'

  • Brian Ó Sochlacháin

    Mícheál bocht. Is dócha nach bhfuil aon bealach ceart as an praiseach seo. Ní féidir dáiríre aon saghas tacaíocht a thabhairt do Fhine Gael ach go mbeidh Sinn Féin réidh iad a ionsaí.