‘Dúirt sí nach ndéanfadh sí dearúd go deo ar an uaigneas a bhí sa dá shúil agam’ – scéal a uchtaithe inste ag Pádraig Ó Sé RnaG

Ar an An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu d’inis Pádraig Ó Sé scéal a uchtaithe agus scéal na n-iarrachtaí atá déanta aige teagmháil a dhéanamh lena mháthair bhreithe

‘Dúirt sí nach ndéanfadh sí dearúd go deo ar an uaigneas a bhí sa dá shúil agam’ – scéal a uchtaithe inste ag Pádraig Ó Sé RnaG

Pádraig Ó Sé agus a bheirt mhac, Tomás agus Óigí.

Tá scéal a uchtaithe inste ag an gcraoltóir agus ceoltóir aitheanta Pádraig Ó Sé as Corca Dhuibhne.

Tá scéal an uchtaithe in Éirinn go mór i mbéal an phobail mar gheall ar an gclár Uchtú – Evanne Ní Chuilinn a craoladh aréir ar TG4.

Sa chlár sin d’inis an t-iriseoir spóirt de chuid RTÉ Evanne Ní Chuilinn scéal a huchtaithe féin agus scéalta daoine eile a uchtaíodh.

Ar an An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu a d’inis Pádraig Ó Sé a scéal féin agus scéal na n-iarrachtaí atá déanta aige teagmháil a dhéanamh leis an máthair a shaolaigh.

Trí bliana d’aois a bhí Pádraig Ó Sé nuair a d’uchtaigh Micí agus Eibhlín Ó Sé as an gCeathrú i nDún Chaoin.   

Agus é faoi agallamh ag Helen Ní Shé, labhair sé faoin gcéad lá a bhfaca a mháthair, Eibhlín, é agus faoin méid gur chuimhin léi féin faoin lá sin i dTeach Nazareth i dTrá Lí.  Is amhlaidh a bhí Eibhlín agus Micí Ó Sé ag réiteach an lá sin chun cailín beag, Áine, a uchtú, agus iad ar cuairt ar Theach Nazareth chun aithne níos fearr a chur uirthi.

“Thug sí faoi ndeara mise i gceann des na seomraí ceann des na laethanta ach go háirithe. Dúirt sí nach ndéanfadh sí dearúd go deo ar an uaigneas a bhí sa dá shúil agam. Is dócha go dtuigeas-sa go raibh na leanaí á n-uchtú amach go dtí daoine eile agus go rabhas-sa fágtha ansan agus go raibh sé sa dá shúil ‘please take me’.”

Chuaigh máthair Phádraig chun cainte leis na húdaráis, agus dúirt gur mhaith leo é féin agus Áine a uchtú.

Bhí fanacht bliana orthu sula raibh deireadh leis an bpróiseas sin.   

Dúirt Pádraig Ó Sé go raibh saol sona sásta aige sa teaghlach sin ach bhí an trioblóid i ndán don teaghlach leis.  Cailleadh Micí, athair Phádraig sa bhliain 2005, cailleadh a mháthair, Eibhlín, go tragóideach sa bhliain 2010, agus cailleadh a dheirfiúr Áine go luath ina dhiaidh sin. Na heachtraí brónacha sin a spreag Pádraig chun a mháthair bhreithe a lorg.

“Bhí scrios déanta thar oíche agus bhí easnamh, bhí folús mór millteach, fágtha im shaol .agus is cinnte gurb shin é is dócha a chuir an bunús leis an gcuardach, agus go dteastaigh uaim eolas a fháil, cé dár díobh mé.”

Dhein sé cuid mhór taighde agus cuardaigh agus fuair sé amach faoi dheireadh cérbh í a mháthair bhreithe agus fuair sé a theastas breithe.

Uair amháin, ag sochraid, a leag Pádraig Ó Sé agus a mháthair bhreithe súil ar a chéile. Dúirt sé gur tugadh le fios dó nach bhfuil a mháthair bhreithe ullamh chun teagmháil a dhéanamh leis go fóill.  Tá dóchas fós aige go bhfaighidh sé an deis aithne a chur uirthi.

“Níor theastaigh agus ní theastaíonn uaim aon suaitheadh a dhéanamh uirthi. Más sin é a rogha sin, glacfadsa leis, mar tá an ceart san aici.

“Teastaíonn uaim go ngeobhadh sí amach an saol iontach a bhí agamsa, teastaíonn uaim an buíochas san a chur in iúl di mar táim ana-bhuíoch di, cé nár bhuaileas riamh léi.”

Tá an t-agallamh le Pádraig Ó Sé ar An Saol ó Dheas le fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Dúirt sí nach ndéanfadh sí dearúd go deo ar an uaigneas a bhí sa dá shúil agam’ – scéal a uchtaithe inste ag Pádraig Ó Sé RnaG'

  • Tadhg

    Ní dóigh liom gur chuala agallamh níos fear ná so ríamh

  • Micil

    Aontaím leat aThaidhg – ceann de na hagallamhaab fhearr a chuala mé riamh ar aon stáisiún raidió. Fairplay do Phádraig as a chroí a oscailt dúinn – d’éistíos le gach siolla agus chuaigh an t-iontaiceas agus an grá a tháinig as an agallamh go mór i bhfeidhm orm.