Dúirt m’athair féin gur bhuail sé a chloigeann trí huaire faoi phosta na leapa oíche amháin le cantal tobac…

Deirtear gurbh é Sir Walter Raleigh a thug an tobac go hÉirinn agus is minic a cáineadh agus a moladh ó shin é

Dúirt m’athair féin gur bhuail sé a chloigeann trí huaire faoi phosta na leapa oíche amháin le cantal tobac…

Tá sé ceithre bliana déag ó chuir Micheál Martin cosc ar chaitheamh tobac i dtithe tábhairne agus in óstáin na hÉireann. Tá daoine ann a déarfadh gurb é an t-aon bheart fiúntach a rinne sé ariamh ina shaol é ach bíodh sin ceart nó mícheart tá creidiúint ag dul dhó as an gcinneadh sin.

Is maith is cuimhin le cuid mhaith againn nuair a bhíodh an teach tábhairne plúchta ag deatach tobac agus é chomh tiubh is gur ar éigean a ba léir duit an té a bhíodh amach ar d’aghaidh.

Bhíodh boladh bréan ar do chuid éadaigh go ceann seachtaine agus ar ndóigh níorbh thada é sin le hais an dochar a bhí an tobac a dhéanamh do na scamhóga.

Go fiú na daoine nach raibh ag caitheamh ar chor ar bith bhí siad ag fulaingt: an caitheamh fulangach mar a thugtar air.

Deirtear gurbh é Sir Walter Raleigh a thug an tobac go hÉirinn. Tá sé sa mbéaloideas gur chaith cailín aimsire steall uisce air nuair a chonaic sí ag caitheamh an phíopa é; shíl sí gur trí thine a bhí an fear bocht.

Tá neart daoine sa tír i gcónaí atá trom ar an tobac. Tá cíocras tobac orthu, goimh chun tobac, gabhair chun tobac.

Dream iad a mbuaileann cantal aisteach iad má choinnítear uathu an tobac nó ar feadh tréimhse tar éis dóibh éirí as a bheith á chaitheamh dá ndeoin féin.

Éiríonn siad chomh cantalach le dris a mbeadh a dhá ceann sa talamh, chomh cantalach le mála cat, le mala easóg, le cearc an áil, le gé ghoir.

D’fhulaing a leithéidí siúd an t-uafás aimsir an chogaidh nuair a bhí tobac thar a bheith gann. D’airigh mé m’athair féin a’ rá gur bhuail sé a chloigeann trí huaire faoi phosta na leapa oíche amháin le cantal tobac.

Bhí tae gann freisin aimsir an chogaidh agus cuireadh caife ina áit. Bhí an dearg-ghráin ag na daoine ar an gcaife seo.

Bhí seansiopadóir ag inseacht dhom gurb éard a deirtí dá mbeadh duine cantalach ag an am “muise b’fhéidir nach bhfuil aon neart ag an diabhal bocht air, seans gur caife a d’ól sé ar maidin”.

Níl amhras ar bith nach bhfuil easpa tobac in ann droch-chaoi a chur ar dhuine. Rinne Máirtín Ó Cadhain cur síos sa scéal ‘Píopa Tobac’ ar an gcaoi ar luigh easpa an tobac ar intinn duine amháin acu. Seo mar a mhínigh sé an claochlú a tháinig air:

‘Chruinnigh meallta ina ghruanna, gur fholc siad a shúile, agus sháinnigh a mhalaí agus a bhaithis na fabhraí, i riocht is go raibh na cruinneochaí le tabhairt faoi deara go feiceálach ina n-eitrí trasna chlár a éadain. Agus mhaigh gach re strainc air! Strainceanna a d’ardaigh fonsaí feola siar faoi bhun a chluas. Strainceanna a chuir bruachanna síos ar a ghialla caola caite. Strainceanna a shéid suas ina bpuchóidí ar lár a ghrua. Strainceanna a chrap a phluca ina n-eitrí gleannacha, agus a bháigh a shúile ina cheann. Thagadh siad air idir strainceanna plucacha, strainceanna boilsceannacha, strainceanna glúiníneacha, strainceanna círíneacha agus strainceanna ilchruthacha.’

Ach más minic a cháintear an tobac moladh go minic freisin é. Seo amhrán a chum an file Maidhcil Bheairtle Uí Dhonncha a bhí ina chónaí níos lú ná ciliméadar siar uaim anseo. I lár an Dara Cogadh Mór a chuir sé le chéile é:

‘Scríobhfad litir Ghaeilge ag De Valera isteach sa Dáil,
Beidh píosa maith le léamh aige faoin dlí atá thart san áit,
Rud a chleacht mé anois le fada, mo phíopa a choinneáil lán.
Ach tá sé anois ar an tinteán agam is gan blas agam le cur ann.
‘S nach luibh é an tobac beannaithe seo a bhí ag fás ó thús an tsaoil,
An rud a bhí chomh laethúil leis, cén fáth é a bheith chomh daor?
‘S nárbh fhearr dhuit gail ar maidin de ná mil na mbeach ar bhord,
Ach ó leagadh coróin ar cheathrú de, níl duine agaibh a bheadh in ann dó.
‘S dhá mbeadh píosa dhe i do phóca nó ar cheann an stóil le t’ais,
Dhá mbeadh brón ná briseadh croí ort, bhí sé in ann a thabhairt ar ais,
Dhá dtéiteá amach sa ngarraí agus deatach a ligean le gaoth
‘S go dtabharfadh sé ar an eolas thú le do ghraithe a chur chun cinn.
Nuair a smaoiním mar is ceart air chois an teallaigh is mé liom féin,
San am a mbínn dhá ghearradh chuirfinn cangailt i mo bhéal,
Ach anois níl aon bhlas le déanamh agam ach mo cheann a chromadh fúm.
Is tá an t-uisce ag tíocht ó m’fhiacla is ó mo ghialltrachaí le dúil.
‘S nach mór an scrios ar Éirinn an tobac a bheith ag éirí gann,
Nach leigheasfadh sé na seandaoine atá sa mbaile tinn,
Nach leigheasfadh sé an phian droma dhíobh, dó croí agus tinneas cinn,
Is nárbh á ár sláinte chuile mhaidin á dhá ghearradh le mo scian.
‘S nach é an trua ghéar nach bhfuil a fhios agam cén áit a bhfuil sé ag fás,
‘S dhá mo ar mo ghlúine a shiúilfinn ann, is d’fhéachainn le ghoil ann,
Ní stopfaidh mé is ní chónóidh mé is ní sheasfaidh mé in aon áit,
Nó go dtabharfaidh mé scéala dhaoibhse, a dhaoine, cén áit a bhfuil sé ag fás.
Is casadh fear ar maidin dhom is na páipéir ina láimh,
Léigh sé amach na litreacha agus dúirt sé, “Fan mar atáir”,
Nuair a thiocfas ráithe an earraigh, beidh tobac agaibh le fáil,
Agus beidh sé á dhíol ar phínn an píosa nuair a bheas an budget lán.’

Fág freagra ar 'Dúirt m’athair féin gur bhuail sé a chloigeann trí huaire faoi phosta na leapa oíche amháin le cantal tobac…'

  • Pól Ó Braoin

    Píosa breá scríbhneoireachta, a Sheosaimh. Chuir sé sin gáire beag ar mo bhéal ar maidin caithfidh mé a rá. Céard a déarfadh Maidhcil Bheairtle faoin gcáin is faoin gcáineadh ar na fags atá anois agann… Ar aon chaoi, nár lagaí Dia thú agus go raibh míle maith agat faoin méid sin…