Duine eile de Ghaeilgeoirí an 32ú Dáil imithe agus Maureen O’Sullivan ag éirí as

Deireadh ré a bheidh ann i mBaile Átha Cliath agus é fógartha ag Maureen O’Sullivan nach mbeidh sí ag cosaint ‘suíochán Tony Gregory’

Duine eile de Ghaeilgeoirí an 32ú Dáil imithe agus Maureen O’Sullivan ag éirí as

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag duine eile den 28 Gaeilgeoir sa 32ú Dáil nach mbeidh sí ag seasamh san olltoghchán agus an Teachta Dála neamhspleách Maureen O’Sullivan ag éirí as.

Múinteoir Béarla agus gairmthreorach ab ea Maureen O’Sullivan a toghadh i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir den chéad uair in 2010 nuair a bhásaigh Tony Gregory.

Bhí O’Sullivan gníomhach in eagraíocht Tony Gregory, an Teachta Dála neamhspleách iomráiteach, sa dáilcheantar agus ba mhinic í ag tarraingt aird ar an mbochtaineacht agus an easpa seirbhísí i lár na cathrach.

Anuraidh agus 100 bliain bhunú na Chéad Dála á chomóradh dúirt an Maureen O’Sullivan gurbh é ceann de na rudaí ab íorónta faoin ócáid sin ná an “cur i gcéill” a bhain le ceist na Gaeilge i nDáil Éireann ó shin i leith.

Dúirt sí go raibh sé soiléir tar éis tamaill nach raibh an t-aos polaitiúil “dáiríre” faoin nGaeilge agus gurb amhlaidh an scéal i gcás an rialtais sa lá atá inniu ann.

“Tar éis dom dianmhachnamh a dhéanamh agus labhairt le go leor daoine, tá cinneadh déanta agam gan seasamh sa toghchán seo,” a dúirt sí tráthnóna.

“Cinneadh deacair a bhí ann, go háirithe ó bhí suíochán ag Teachta Dála neamhspleách i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Láir le beagnach dhá scór bliain – bhí an suíochán sin ag Tony Gregory ar feadh 27 bliain agus tá mise i mo Theachta Dála anseo le breis is deich mbliana go leith.

“D’oibrigh mé go dian dícheallach ar bhealach measúil sna blianta sin chun ceisteanna a bhain leis an dáilcheantar, go háirithe lár thuaidh na cathrach, chomh maith le ceisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, a ardú.”

Ceathrar Gaeilgeoirí eile nach mbeidh ag seasamh san olltoghchán. Triúr den naonúr Gaeilgeoirí a bhí ag Fine Gael sa 32ú Dáil nach mbeidh mar iarrthóirí i dtoghchán na míosa seo chugainn, an t-iarThaoiseach Enda Kenny, iarcheannaire eile de chuid an pháirtí Michael Noonan agus an Teachta Dála Jim Daly.

Is é iarcheannaire Shinn Féin, Gerry Adams, an Gaeilgeoir eile nach mbeidh ag seasamh san olltoghchán.

28 Teachta Dála sa 32ú Dáil a thug le fios do Tuairisc.ie go mbeadh dóthain Gaeilge acu agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Gaeilge.

Teachtaí Dála as ceantair Ghaeltachta ab ea seisear acu sin agus tá sé i gceist acu uile seasamh sa chéad toghchán eile.

Bhí triúr Teachtaí Dála as Gaeltacht Dhún na nGall sa 32ú Dáil. Tá Pearse Doherty, a bhfuil cónaí air i nGaoth Dobhair, ina Theachta Dála ag Sinn Féin ó 2010. Is as Carraig Airt don Aire Oideachais iar-aire stáit Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhine Gael Joe McHugh agus beidh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, as na Rosa, ag iarraidh a shuíochán a choinneáil chomh maith.

Toghadh beirt as Gaeltacht Chonamara in 2016. Tá cónaí ar an iar-aire Gaeltachta agus Teacht Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív i gCorr na Móna le breis agus dhá scór bliain agus tógadh Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, Teachta Dála de chuid Fhine Gael i Maigh Cuilinn.

Toghadh Aindrias Ó Muineacháin, arb as Múscraí dó go dtí an Dáil den chéad uair i dtoghchán 2016 agus beidh súil ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil a shuíochán sa dáilcheantar Corcaigh Thiar-Thuaidh a choinneáil an mhí seo chugainn.

Idir an dá linn, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí Breatimeachta ba mhó a chothaigh aighneas inniu idir an dá mhórpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil.

Agus polasaí eacnamaíochta Fhine Gael á sheoladh aige, gheall an Taoiseach Leo Varadkar go gcinnteodh a pháirtí go leanfadh tuarastail orthu ag ardú agus go gcruthófaí 200,000 post nua as seo go dtí 2025.

Chuir Fine Gael i leith Fhianna Fáil chomh maith go mba dhóigh leat ar Fhianna Fáil agus iad i rialtas nach dtiocfadh deireadh go deo leis an bhflúirse.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin gurb amhlaidh go raibh Fine Gael “ag caint ar an todhchaí ach gan aon soláthar á dhéanamh acu don todhchaí sin”.

Dúirt urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil Michael McGrath gur léir gur feachtas “diúltach” a bhí beartaithe ag Fine Gael.

Fág freagra ar 'Duine eile de Ghaeilgeoirí an 32ú Dáil imithe agus Maureen O’Sullivan ag éirí as'