Déanfar comóradh i gCois Fharraige an deireadh seachtaine seo ar an údar agus aisteoir iomráiteach Joe Steve Ó Neachtain.
Tráthnóna inniu ag 7pm a chuirfear tús le hÉigse Joe Steve i Seanscoil Shailearna sna hAille agus ní gheofá bealach níos fearr le scríbhneoir is fear pobail a chomóradh ach leabhar dá chuid a sheoladh i measc a mhuintire. Oiread Áiméan teideal an tsaothair nua seo ach thabharfainn an leabhar nach oiread áiméan de mheon agus cumas Joe a gheofar idir na clúdaigh.
Agus an leabhar ar an margadh, seolfaidh iarcheannaire RTÉ RnaG, Tomás Mac Con Iomaire, an Éigse go hoifigiúil ag a 8.00pm agus nochtfaidh sé leacht cuimhneacháin don scríbhneoir, aisteoir agus fear pobail.
Nach é Joe féin a bheadh mórtasach as an deis seo a bheith ag pobal na háite, óg agus aosta, ceol, drámaíocht agus seanchas na háite a chur ar an ardán.
Ba mhór aige an cultúr dúchais Gaeltachta a thabhairt don ghlúin óg agus é a cheiliúradh ina dteannta.
Anocht sa tSeanscoil cloisfimid dánta Joe as Fad Saoil agus ceol curtha ag Johnny Connolly agus a chairde leo.
Ar chuid de na himeachtaí eile, beidh ‘Preab san Aer’ – léirithe gan choinne a bheidh ag tarlú ag ionaid éagsúla idir an Spidéal agus an Tulaigh ar an Satharn ó mheán lae go dtí a 2.00pm. Coinnigh súil san aer!
Mar ba ghnás le Joe Steve féin a dhéanamh, tabharfar cuairt ar an teach altranais sa Spidéal, Áras Chois Fharraige, le cuid den phléaráca a roinnt leis na daoine a chónaíonn ansin.
Oíche Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh beidh ‘Seó Beo Joe’ á léiriú i Seanscoil Sailearna ag a 8.00 pm. Cuirfear píosaí as saothar Joe féin ar an ardán – drámaí, filíocht, agallaimh bheirte, dánta agus lúibíní.
Nach iomaí sin uair a thug saothar Joe Steve ardú croí do dhaoine lena bheo agus nach aige féin a bhí an meas ar an scairt bhreá gháirí. Déarfainn dá mbeadh a roghain aige gur oíche siamsaíochta mar seo a shantódh sé mar leacht.
Tabharfar cuairt ar uaigh fhathach na Cré Duibhe ar an Domhnach ag meán lae agus beidh ócáid filíochta i dteach ósta Tigh Mholly ina dhiaidh.
Comharchumann Shailearna atá ag eagrú na hÉigse, le cuidiú maoinithe ó Ealaín na Gaeltachta. Bhásaigh Joe Steve Ó Neachtain ar an 19 Eanáir 2020.
Ba as an Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain agus bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil.
Údar agus aisteoir a bhí ann a raibh aithne agus meas air i bhfad is i ngearr, ealaíontóir a bhí breá ábalta hallaí a líonadh go doras lena chuid drámaí agus aithriseoireachta.
Fág freagra ar 'Duine d’fhathaigh shaol na Gaeltachta le comóradh ag Éigse Joe Steve'