Duine d’fhathaigh CLG Ghaoth Dobhair ar shlí na fírinne

Cuireadh Micheál Mhicí Ó Gallachóir, uachtarán CLG Ghaoth Dobhair i reilig Mhachaire Gathlán ar maidin

Duine d’fhathaigh CLG Ghaoth Dobhair ar shlí na fírinne

Micheál Mhicí Ó Gallachóir, ar dheis

Cuireadh duine do mhórphearsana CLG Ghaoth Dobhair, Micheál Mhicí Ó Gallachóir, 88, ar maidin tar éis dó bás a fháil sa bhaile i Sraith Máirtín maidin Dé Luain.

Cé gur i Meiriceá a rugadh é, is i nGaoth Dobhair a tógadh Micheál agus bhí baint ar leith aige le cúrsaí spóirt an cheantair. Bhí sé ina uachtarán ar chumann CLG Ghaoth Dobhair go lá a bháis agus rinne baill an chumainn garda onóra dó agus a chorp á thabhairt chuig reilig Mhachaire Gathlán.

Chomh maith lena bheith ina uachtarán, thug Micheál tacaíocht ar leith dá chumann. Bhí sé ina roghnóir foirne seal agus rinne sé roinnt réiteoireachta i rith na mblianta chomh maith.

Bhí Micheál agus a leathchúpla Jimmy, atá fós ina bheatha, ar bheirt de na príomhfhoinsí eolais faoi stair CLG Ghaoth Dobhair a bunaíodh sna 1930í.

Bhí Micheál chomh gníomhach céanna i gCumann Gailf Ghaoth Dobhair agus chaith sé dhá thréimhse ina uachtarán ar an gcumann, in 2001 agus 2002.

Fág freagra ar 'Duine d’fhathaigh CLG Ghaoth Dobhair ar shlí na fírinne'