Tá Séamus Mac Ghiolla Chomhaill, duine den bheirt státseirbhíseach is sinsearaí sa Stát ó thaobh na Gaeilge de, ag éirí as phost faoi cheann cúpla seachtain.
Tá Mac Giolla Chomhaill, arb as Gaoth Dobhair ó thús dó, ar dhuine de bheirt phríomhoifigeach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta atá ag plé go lánaimseartha le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Tá folúntas i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha do phost an státseirbhísigh is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge de ó d’éirigh Máire Killoran as an gcúram sin chun tabhairt faoi phost mar Stiúrthóir an Ionaid Aistriúcháin do Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.
Fógraíodh i mí Iúil go raibh cead faighte ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, post an Stiúrthóra a líonadh.
Fágfaidh imeacht Mhic Ghiolla Chomhaill go mbeidh folúntas eile le líonadh i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus gan fágtha anois ach príomhoifigeach amháin atá ag plé go buan le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, Bertie Ó hAinmhire.