Duine de na Gaeilgeorí is breátha dár labhair ariamh ar Raidió na Gaeltachta…

Tá a bhreithiúnas féin ag chuile dhuine ar pheileadóirí, ar dhornálaithe agus ar chainteoirí

Duine de na Gaeilgeorí is breátha dár labhair ariamh ar Raidió na Gaeltachta…

Éamon Mac an Rí, ar dheis, i 2014

“Is fada liom go dtiocfaidh sé isteach as an gcisteanach.” Ní hé go raibh ocras ar Thomás Ó Conaire; dúil a bhí aige sa gcaint agus sa bhfoclaíocht a bhí sé a chloisteáil. Bhí iarrtha agam ar Thomás – Tom Phat Pháraic Fheilipe as Ros Cíde i Ros Muc – séirse a thabhairt liom suas chun an Chlocháin go ndéanfadh muid píosa comhrá le Éamon Mac an Rí (Éamon Joe an tSaoir). 

Tá aithne mhaith ag Tom ar muintir Mhic an Ríogh i mBoston, Jimmy King (a bhíonn le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltacht) agus Ciarán. Ar ndóigh bhí aithne aige freisin ar dheartháir eile, Joe, nach maireann. Is minic leis freisin cuairt a thabhairt ar a n-athair, Francis, san Aird Thoir i gCarna. 

“Caithfidh tú cuairt a thabhairt ar Éamon,” a dúirt mé féin le Tom. “Chaithfeadh go bhfuil sé ar dhuine de na cainteoirí is breátha agus is ceolmhaire dár labhair ariamh ar Raidió na Gaeltachta.” D’iompaigh muid an compás ar an gClochán agus as sin, suas leath bealaigh ar Bhóthar na Spéire. 

Ansin a chónaíonn Éamon Mac an Rí. 

Leagadh ar an gcaint. D’inis Tom dó faoin gcairdeas a bhí idir eisean agus clann dearthár Éamoinn in Massachusetts. Chuathas siar agus aniar, ó thuaidh agus ó dheas agus Éamon ag cur síos ar ócáidí agus imeachtaí an tsaoil. “Breathnaigh, éireodh muid as an gcaint ar feadh tamaillín agus réiteoidh mé braon tae,” arsa Éamon. Amach leis chuig an gcistineach. 

Sioscadh. 

“Is mór an spóirt í an chaint atá aige,” arsa Tom. “Is fada liom go dtiocfaidh sé isteach as an gcistineach.” 

Meabhraíodh an sioscadh sin dom in athuair ansin an tseachtain seo caite. 

Ba é Éamon Mac an Ríogh aoi na seachtaine ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta. Is dóigh go raibh roinnt le déanamh agam ach deamhan mo chos a chorródh siar ná aniar nó go raibh chuile fhocal den agallamh cloiste agam. Bhí an chaint bríomhar. Bhí an t-eolas spéisiúil. Bhí chuile fhocal soiléir agus sothuigthe. An Ghaeilge – cruinn, glan agus ceolmhar. B’in Gaeilge. Tá a bhreithiúnas féin ag chuile dhuine ar pheileadóirí, ar dhornálaithe agus ar chainteoirí . Ach chaithfeá a rá go bhfuil Éamon Mac an Ríogh ar dhuine de phlúr na gcainteoirí agus ar fhíorthogha na nGaeilgeoirí. 

Cuireann Éamon pictiúir ar d’aghaidh amach; feiceann tú agus cloiseann tú taobh tíre, ceol, bealaí oibre agus imeachtaí an tsaoil chomh soiléir agus dá mbeifeá ansin, fiú agus go bhfuil trí nó ceathair de scórtha blianta imithe thart. 

Samhlaigh an Aird Thoir, an baile inar rugadh agus inar tógadh Éamon in aimsir an dara Cogadh Mór. Ba é Tí Éinniú an teach ba ghaire dóibh, teach baile an fhonnadóra mhóir, Joe Éinniú. Bhí Tí Mháire an Ghabha buailte orthu freisin. Bhí muintir Sheáin Choilm ann – Dara Bán agus a chomhluadar – agus fonnadóirí agus ceoltóirí i mórán i chuile theach. Rinne sé cur síos ar shaol anróiteach i gcomórtas le saol an lae inniu. Ach ní raibh a fhios ag na daoine óga a mhalairt. Ní raibh a fhios acu cén spéir ba ghaire dóibh. 

D’fhaightí iascáin bheaga, fad do mhéire. Thugtaí abhaile iad agus chuirtí ar an ngrideall iad. Tá cuimhne aige fós ar a thaitneamhaíí agus a bhí an béile simplí sin. ‘Saol an mhada bháin’ a thug Éamon air. Is deacair leis scaití brí a bhaint as an athrú mór. Ní iascáin a bhíonn ina gcuid lámha ag rith abhaile ag na gasúir agus na daoine óga anois ach – teileafón póca. 

B’fhiú do dhuine ar bith a bheadh ag iarraidh leaganacha, focla agus sruth Gaeilge a chloisteáil ar chaighdeán cumasach, éisteacht leis an gcaint sin a rinne Éamon Mac an Rí faoin saol a bhíodh ann. Ach, ní hé saol an mhada bháin ag duine ar bith é i rith an tsaoil uilig. Labhair Éamon faoin tragóid a bhain dó féin agus dá bhean Nóirín – atá anois ar shlí na firinne – nuair a bhásaigh beirt naíonán leo de bharr gur tharla sé go raibh an cineál céanna fola aige féin agus ag Nóirín. Beannacht Dé leo. 

Is iomaí sin cor agus cruóg sa saol in imeacht 87 bliain agus thug Éamon sampla dó sin do Threasa Bhreathnach a choinnigh an t-agallamh ag imeacht go paiteanta. Sa mbliain 1959, cheannaigh Éamon agus Nóirín teach i gceantar an Chladaigh Dhuibh siar ón gClochán (bhí Éamon ag múinteoireacht i gcuid mhaith scoileanna sa taobh ó thuaidh de Chonamara). 

Trí sheomra codlata, seomra suí, cistineach, fochisteanach agus seomra folctha. Praghas? £486. Ach ní raibh de pháigh ag múinteoir san am ach £30 sa mí. Sin é anois é, mar a déarfadh Éamon. Is iontach go deo an chuimhne atá aige ar fhigiúirí agus ar dhátaí. 

Seo í ‘Seachtain na Gaeilge’. Cloistear daoine nach bhfuil acu ach smeadar beag den teanga agus iad ag tabhairt iarraidh fúithi. Tádar ann a déarfadh go bhfuil an Ghaeilge millte acu. Bhí fear ag rá liom le gairid gur dhúirt sé é sin le Éamon. An freagra: “Ó mhuise nach maith an rud é go bhfuil siad dá labhairt ina dhiaidh sin féin.” 

Sin ó Ghaeilgeoir a bhféadfá Gaeilgeoir agus cainteoir a thabhairt air – Éamon Mac an Ríogh. 

Is fada liom go gcloisfidh mé píosa cainte uaidh aríst.

“Is fada liom go dtiocfaidh sé isteach as an gcistineach,” arsa Tom Phat Phádraig Fheilipe. 

Fág freagra ar 'Duine de na Gaeilgeorí is breátha dár labhair ariamh ar Raidió na Gaeltachta…'

  • Mise Áine

    @An freagra: “Ó mhuise nach maith an rud é go bhfuil siad dá labhairt ina dhiaidh sin féin.”

    Aontaím leis!