Duine de mhóraisteoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Peadar Lamb as an gCeathrú Rua tar éis bháis

Chuaigh Peadar Lamb le hAmharclann na Mainistreach i 1954 agus ba leis an amharclann náisiúnta a dhaingnigh sé a cháil mar aisteoir den scoth

Duine de mhóraisteoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Peadar Lamb as an gCeathrú Rua tar éis bháis

Peadar Lamb

Tá duine de mhóraisteoirí na hÉireann imithe ar shlí na fírinne agus Peadar Lamb, as an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara, tar éis bháis.

Rugadh agus tógadh Peadar Lamb ar an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua. Mac é leis an ealaíontóir cáiliúil Charles Lamb  agus bhí sé pósta leis an aisteoir aitheanta Geraldine Plunkett.

Chuaigh Peadar Lamb le hAmharclann na Mainistreach i 1954 agus ba leis an amharclann náisiúnta a dhaingnigh sé a cháil mar aisteoir den scoth.

I measc na ndrámaí a raibh páirt aige iontu bhí The Shaughran, The Sanctuary Lamp, The Quare Fella, The Hostage, The Shadow of a Gunman agus Philadelphia Here I Come. Thug sé camchuairt ar Mheiriceá agus ar Cheanada i 1990 le The Playboy of The Western World.

Bhí aithne mhór ar Pheadar Lamb i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ba mhinic é ag aisteoireacht ina theanga dhúchais, i saothair ar nós Ros na Rún, Cré na Cille agus Níor Mhaith Liom do Thrioblóid.

Bhí sé le feiceáil chomh maith i go leor clár teilifíse agus scannán Béarla, ina measc The Field, The Treaty, Michael Collins agus Mystic Nights of Tír na nÓg.

Maireann a bhean Geraldine, a gclann Peadar, Katharine, Breifne, Michael, Susie agus Marcus, a dheirfiúracha Mary agus Laillí agus a ghaolta agus a chairde go léir.

Beidh sé á thórramh sa bhaile i nGleann na gCaorach i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Domhnaigh agus aistreofar ansin a chorp go dtí Seipéal Mhuire na mBua, an Naigín, mar a mbeidh Aifreann Éagnairce ag an 10am maidin Dé Luain. Cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Ghráinseach an Déin.

Fág freagra ar 'Duine de mhóraisteoirí na hÉireann ar shlí na fírinne agus Peadar Lamb as an gCeathrú Rua tar éis bháis'

  • Gabriel Rosenstock

    Braithfimid uainn é.

  • Con

    Fear alainn uasal iseal ardaigeanta.