Duine de laochra ‘Game of Thrones’ ag snámh le Fungie sa Daingean

Bhí an t-aisteoir Maisie Williams, a bhíonn le feiceáil i bpáirt Arya Stark sa tsraith iomráiteach fantaisíochta, sa Daingean an tseachtain seo mar ar chuir sí aithne ar Dheilf an Daingin, Fungie

maisie
Pictiúr: Dingle Dolphin Tours/Facebook

Tá milleadh scéil i gceist san alt seo a bhaineann leis an eagrán is deireanaí den chlár Game of Thrones

Bhí beirt a sádh le deireanas ag téarnamh le chéile in uiscí an Daingin inné. Bhí an deilf Fungie agus ‘Arya Stark’, ar sádh iad beirt le seachtain anuas, ag snámh le chéile sa bhaile Gaeltachta inné.

Tá an-spéis an Maisie Williams, an t-aisteoir Sasanach a bhíonn i bpáirt Arya Stark sa tsraith Game of Thrones, i ndeilfeanna agus tá obair charthanachta déanta go minic aici ar mhaithe leo.

Aon oíche amháin a chaith sí sa Daingean an tseachtain seo agus í ar cuairt ar Fungie, a gortaíodh an tseachtain seo caite nuair a bhuail lann liáin é san uisce.

“Thugamar amach ar an mbád í an tráthnóna a tháinig sí agus thugamar amach arís í an mhaidin dár gcionn. Chuireamar isteach san uisce le Fungie í agus bhíodar ag snámh le chéile.

“Cailín álainn is ea í agus tá ana-shuim aici sna deilfeannna is cosúil. Níor fhan sí chomh fada sin i gCorca Dhuibhne, an t-aon oíche amháin, agus d’fhágamar ag an aerfort í ina dhiaidh,” a dúirt Olivia Flannery ó Dingle Dolphin Tours.

Bhí Williams ar dhuine de na mílte duine a bhí i mbun agóide i Trafalgar Square i Sasana anuraidh in aghaidh sheilg na ndeilfeanna agus in aghaidh iad a choinneáil i ngéibheann.

Tuairiscítear go bhfuil scannán faisnéise á dhéanamh ag Williams i láthair na huaire faoi dheilfeanna in earnáil an bheatha agus in earnáil na bpáirceanna uisce.

Bíonn sí an-ghníomhach ar na meáin shóisialta, go háirithe ar Twitter agus Vine, agus chuir sí giolc amach óna cuntas Twitter inné faoin Daingean:

Fág freagra ar 'Duine de laochra ‘Game of Thrones’ ag snámh le Fungie sa Daingean'