‘Duine beag’ curtha le Téarma.ie tar éis moladh ó bhlagálaí aitheanta ar ‘duine beag’ í féin

Ba í Sinéad Burke a mhol don Choiste Téarmaíochta ‘duine beag’ a chur ar an mbunachar náisiúnta Gaeilge do Mhí na hAbhcachta, an mhí seo caite

‘Duine beag’ curtha le Téarma.ie tar éis moladh ó bhlagálaí aitheanta ar ‘duine beag’ í féin

Tá téarma nua Gaeilge curtha go hoifigiúil ar Téarma.ie, bunachar náisiúnta téarmaíochta na Gaeilge, mar gheall ar fheachtas a chuir an blagálaí Sinéad Burke – a thugann Minnie Melange uirthi féin freisin – ar bun.

D’fhógair Burke ar Twitter inné go raibh sí i mbun cainte le Foras na Gaeilge le tamall maidir le téarma oifigiúil nua a chur ar fáil do ‘little person’ an Bhéarla – is é sin duine a bheadh an abhcacht orthu. Tá an téarma ‘abhac’ ar an mbunachar cheana féin.

Dúirt sí leis an suíomh DailyEdge.ie gur thosaigh sí ag caint leis an bhForas i mí Mheán Fómhair agus í ag súil le Mí na hAbhcachta i mí Dheireadh Fómhair. Ó tharla nach mbíonn cruinnithe ag an gCoiste Téarmaíochta ach uair sa mhí, níor éirigh léi an téarma a chur faoina mbráid go dtí cruinniú na míosa seo, agus glacadh leis an moladh.

Dúirt sí nár bhraith sí gur ‘abhac’ a bhí inti agus gur theastaigh téarma eile uaithi.

“Language is a powerful tool. It not only names our society but it shapes it. Until now, few references existed for little people in Irish and one of them was ‘abhac’.

“When I was doing my Irish oral exam I didn’t feel it best represented me. I’m slightly envious of my friends who are little people who get to introduce themselves as a ‘duine beag’ when they sit their Irish oral later this year!” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Duine beag’ curtha le Téarma.ie tar éis moladh ó bhlagálaí aitheanta ar ‘duine beag’ í féin'

  • Séamus Barra

    Dia go deo leat Sinéad! ní mór athruithe mar é a mholadh. ní beag mar chuing orainn cumhacht an fhocail agus ní miste a bhrí a stiúradh gan leisce d’fhonn ár leas a dhéanamh sa tsaol. bíodh dínit, muinín agus meas ag gach duine againn – beag, mór nú cam!