“Ábhar dóchais” é go bhfuil duine as gach cúigear a dhéanann Gaeilge ag GCSE ag leanúint leis an Ghaeilge don Ard-Leibhéal, a deir Gael Linn.
De réir figiúirí nua ón CCEA, roghnaigh 22.6% de dhaltaí a rinne staidéar ar an Ghaeilge don GCSE in 2022 an t-ábhar don Ard-Leibhéal in 2023.
As an 1,750 dalta a rinne an Ghaeilge don GCSE anuraidh, tá 396 díobh ag tabhairt faoina gcéad bhliain den A-Leibhéal, nó an AS mar a thugtar air.
Cé gurb ann i gcónaí do na “deacrachtaí” a bhaineann leis an Ghaeilge sa chóras oideachais ó thuaidh, deir Oifigeach Polasaí Oideachais Gael Linn, Séamas Mac Eochaidh, gur “ábhar dóchais” é go bhfuil céatadán níos airde de na daltaí a dhéanann an Ghaeilge don GCSE ag roghnú na Gaeilge don A-Leibhéal, i gcomparáid leis na teangacha eile a ndéantar staidéar orthu ó thuaidh.
“Is cúis cheiliúrtha é go bhfuil ráta leanúna de 22.63% ó GCSE in 2022 go hAS in 2023 agus ráta leanúna de 18.77% ó GCSE in 2021 go hA2 in 2023 – na rátaí leanúna is airde i measc na dteangacha ar fad sa chóras oideachais ó thuaidh.
“Ní hamháin go bhfuil múinteoirí na Gaeilge ag cur scoth an teagaisc ar fáil ach tá siad ag spreagadh na chéad ghlúine eile le titim i ngrá leis an teanga dhúchais chomh maith,” a dúirt Mac Eochaidh.
Ráta Leanúna ó GCSE 2022 go AS 2023 (Figiúirí de chuid an CCEA) | ||||
---|---|---|---|---|
An Fhraincis | An Ghearmáinis | An Ghaeilge | An Spáinnis | |
GCSE 2022 | 3151 | 706 | 1750 | 3573 |
AS 2023 | 393 | 112 | 396 | 579 |
Ráta Leanúna | 12.47% | 15.86% | 22.63% | 16.20% |
Figiúirí de chuid an CCEARáta Leanúna ó GCSE 2021 go hA2 2023 | ||||
---|---|---|---|---|
An Fhraincis | An Ghearmáinis | An Ghaeilge | An Spáinnis | |
GCSE 2021 | 3481 | 649 | 1518 | 3551 |
A LEVEL 2023 | 287 | 61 | 285 | 416 |
Ráta Leanúna | 8.24% | 9.40% | 18.77% | 11.72% |
Deir Gael Linn nach bhfuil aon leigheas ag múinteoirí, atá ag iarraidh daltaí a mhealladh chun an Ghaeilge a roghnú mar ábhar scrúdaithe ar an “bhac” atá á chur ag an Roinn Oideachais ó thuaidh roimh “dul chun cinn na Gaeilge mar ábhar scoile”.
“Tá ganntanas córasach i soláthar teangacha ó thuaidh. Tá sé soiléir nach bhfuil an cur chuige i leith theagasc na dteangacha ag teacht leis an chur chuige is fearr go hidirnáisiúnta.
“Tá ceann de na tréimhsí is giorra san Eoraip againn ó thaobh teagasc riachtanach teangacha. Ar an drochuair, na daltaí atá ag cailleadh amach mar thoradh air seo, bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt Mac Eochaidh.
Tá Gael Linn ag plé leis an “ghéarchéim” a bhaineann leis an Ghaeilge mar ábhar scoile le dhá bhliain anuas.
Deir Gael Linn gur cheart go mbeadh cead ag daltaí níos mó ná teanga amháin a roghnú agus go bhfuil “stádas na Gaeilge á mhionlú níos mó ó thuaidh” mar gheall ar chur chuige na Roinne Oideachais i dtaobh teangacha.
“Ní mór an ganntanas córasach soláthair d’fhoghlaim teangacha ag an bhunleibhéal fosta a chur ina cheart le nach mbeidh mionlú déanta ar an Ghaeilge. Is cóir foghlaim na dteangacha a spreagadh ag an bhunleibhéal agus faoi láthair faraor níl sé seo ag tarlú,” a dúirt sé.
Dúradh sa tuarascáil Language Trends Northern Ireland Report 2023 go bhfuil an tuaisceart ‘chun deiridh’ i measc thíortha na hEorpa maidir le foghlaim teangacha ag leibhéal na bunscoile agus an méid ama “ba lú” á chur ar fáil do dhaltaí bunscoile d’fhoghlaim teangacha.
“As na tíortha uile ar mhór-roinn na hEorpa is i dTuaisceart Éireann a chuirtear an t-am is lú ar fáil d’fhoghlaim éigeantach teangacha, d’ainneoin go dtugtar tosaíocht do theangacha ag leibhéal na bunscoile sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn” a deirtear sa tuarascáil.
Fág freagra ar 'Duine as gach cúigear daltaí Gaeilge don GCSE a roghnaíonn an Ghaeilge don Ard-Leibhéal'