Duine as gach ceathrar a deir go mbíonn teacht acu ar sheirbhís dochtúra i nGaeilge sa Ghaeltacht 

Ní bhíonn fáil ach ag líon an-íseal de dhaoine sa Ghaeltacht ar sheirbhís dochtúra teaghlaigh i nGaeilge, de réir suirbhé atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Duine as gach ceathrar a deir go mbíonn teacht acu ar sheirbhís dochtúra i nGaeilge sa Ghaeltacht 

Deirtear i suirbhé nua nach mbíonn seirbhís i nGaeilge ar fáil ó dhochtúir teaghlaigh ach ag duine as gach ceathrar sa Ghaeltacht.

Ní dúirt ach 26% de na daoine a líon isteach ceistneoir ar líne Thuismitheoirí na Gaeltachta go mbíonn seirbhís iomlán i nGaeilge ar fáil acu ó dhochtúir teaghlaigh ina gceantar féin. Thug 16% le fios go mbíonn seirbhís dhátheangach ar fáil acu.

Beirt as gach cúigear, 40%, a dúirt gur seirbhís i mBéarla amháin a bhíonn ar fáil dóibh.

De réir an tsuirbhé, tá seirbhísí sláinte an stáit i measc na seirbhísí teaghlaigh is measa ó thaobh freastal ar phobal na Gaeltachta i nGaeilge. 

Cuireadh ceisteanna ar dhaoine sa suirbhé maidir le réimse leathan seirbhísí teaghlaigh, is é sin aon seirbhís atá ar fáil sa phobal atá dírithe go sonrach ar theaghlaigh nó ar pháistí. I measc na seirbhísí sin bhí na seirbhísí sláinte a chuireann an stát ar fáil, an córas scolaíochta, seirbhísí cúram leanaí, clubanna spóirt, clubanna óige agus go leor eile. 

Maidir le seirbhísí sláinte eile stáit, tugadh le fios i 26% de na ceistneoirí go raibh seirbhís i nGaeilge ó altra poiblí ar fáil, 14% a dúirt go raibh seirbhís i nGaeilge ar fáil ó theiripeoir urlabhra agus teanga, ó dhochtúir na súl, ó fhiaclóirí agus leithéidí agus 16% a dúirt go raibh seirbhísí vacsaínithe do pháistí ar fáil i nGaeilge. Breis is 1,000 ceistneoir a líonadh don suirbhé.

De réir na dtorthaí, bíonn an-éileamh ar sheirbhísí sláinte teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht. 

Deirtear sa suirbhé gur roghnaigh céatadán níos mó daoine seirbhís sláinte i nGaeilge nuair a bhí a leithéid ar fáil ná mar a roghnaigh seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge in aon réimse eile. 

Tugadh le fios i 92% de na ceistneoirí go mbaintear úsáid as seirbhís i nGaeilge ó dhochtúir teaghlaigh nuair a bhíonn a leithéid de sheirbhís ar fáil.

Dóibh siúd a dúirt nach raibh seirbhís i nGaeilge ó dhochtúir teaghlaigh ar fáil, dúirt 66% go mbainfeadh siad úsáid as a leithéid dá mbeadh teacht acu uirthi.

Deirtear sa suirbhé gur i gcúrsaí oideachais agus cúram leanaí is mó a chuirtear seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Thug 89% de na daoine a líon an suirbhé le fios go raibh bunscolaíocht i nGaeilge ar fáil ina gceantar féin agus dúirt 83% go raibh naíonra nó réamhscoil ann a chuireann seirbhís i nGaeilge ar fáil.

Mar sin féin, measadh go raibh bearnaí ann i soláthar seirbhísí oideachais agus cúram leanaí eile, seirbhísí do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus seirbhísí feighlí linbh, mar shampla.

Ag labhairt di agus briseadh síos na dtorthaí á fhógairt aici, dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéilleachair gur léirigh an suirbhé go bhfuil líon na seirbhísí a bhíonn ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht ag brath go mór ar an leibhéal infheistíochta a dhéantar iontu.

“Is dea-scéal é go bhfuil an lámh in uachtar ag an nGaeilge i bhformhór na seirbhísí teaghlaigh atá á gcur ar fáil. 

“Ábhar díomá mar sin féin a laghad freastail atá á dhéanamh i nGaeilge ar theaghlaigh ag seirbhísí sláinte stáit. Ina ainneoin seo, is léir ó na torthaí go mbaintear an-úsáid as na seirbhísí seo nuair atá siad ar fáil i nGaeilge.” Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair gur léir freisin go mbeadh an-éileamh ar na seirbhísí sna háiteanna nach bhfuil siad ar fáil faoi láthair.

Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar leis na hOifigigh Pleanála Teanga, Tús Maith agus Údarás na Gaeltachta a reáchtáil an suirbhé ar líne. Fuarthas maoiniú agus tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Breis is 1,000 ceistneoir a líonadh mar chuid den suirbhé.

Fág freagra ar 'Duine as gach ceathrar a deir go mbíonn teacht acu ar sheirbhís dochtúra i nGaeilge sa Ghaeltacht '