Duine ar leith ab ea Molly Seaton a raibh miotal níos déine ná an gnáth inti

Ba é an rud ba mhó a dhealaigh Molly Seaton ó mhná eile a linne go mba pheileadóir den chéad scoth a bhí inti

Duine ar leith ab ea Molly Seaton a raibh miotal níos déine ná an gnáth inti

Molly Seaton ar dheis

Duine ar leith ab ea Molly Seaton a saolaíodh i dTuaisceart Bhéal Feirste ar an dara lá de Mheán Fómhair 1905. Ag éirí aníos di bhí miotal níos déine ná an gnáth inti, rud a theastaigh luath go leor ina saol nuair a bhásaigh a hathair agus gan í ach naoi mbliana d’aois.

Cur leis sin gur tógadh í tráth a mbíodh ualach oibre ollmhór ar mhná agus gan a gcearta le fáil acu ón stát ná ón eaglais ná go deimhin, go minic, sa mbaile.

Ba í an misneach sin a d’fhág nach raibh aon drogall ar Molly pionta pórtair a ordú i dtábhairní Morrison’s ná san Edinburgh Castle Bar ar Bhóthar an Chladaigh i ngar don áit ar rugadh í, rud nár ghnách le mná a dhéanamh ag an am.

‘Doffing Mistress’ an teideal a bhí ar an obair a bhí aici – saoiste sna seideanna móra ina ndéantaí an sníomh do cheann de na muilte teicstíle ba rathúla sa gcathair. Ní raibh aon mheaisín ann an uair úd leis an heiteáin agus na próistí a bhí lán a bhaint den seol agus cinn fholmha a chur ina n-áit.

D’fheilfeadh sé do dhuine ina leithéid de phost a bheith géarshúileach, údarásach le smacht a choinneáil ar os cionn 100 oibrí. Níos tábhachtaí fós faobhar a bheith ar do theanga.

Ach ba é an rud ba mhó a dhealaigh Molly Seaton ó mhná eile a linne go mba pheileadóir den chéad scoth a bhí inti, chuile orlach chomh maith leis na fir, dar le go leor.

Rinne mé cur síos an tseachtain seo caite ar an gcaoi ar fhág an Cogadh Mór go dtáinig éileamh agus rath thar cuimse ar shacar na mban sa Ríocht Aontaithe idir 1914 agus 1920 – oiread sin agus go mba é an beartas a rinne údaráis an chluiche i Sasana, in Albain agus sa mBreatain Bheag ná é a chur faoi chosc, ar fhaitíos go gcuirfeadh sin isteach ar chluiche na bhfear.

Cosc a bhí ann nár chuir an IFA i dTuaisceart Éireann i bhfeidhm riamh. Dá bharr sin ba ansiúd agus sa bhFrainc amháin a bhláthaigh cluiche na mban sna blianta a lean.

Ar bhunú an FAI ar an taobh seo den teorainn i 1921, ba bheag suim a léirigh siadsan ach an oiread i gcluiche na mban, cé gur imríodh cluiche idir ‘Albain agus Éirinn’ i mBleá Cliath i 1927.

Dá léireodh féin, is furasta aithne cén chaoi a gcaithfí leo. Ní raibh sé ach cúpla bliain ina dhiaidh sin agus díospóireacht ar bun faoi mhná a bheith ar fhoirne Oilimpeacha na hÉireann, nuair a dúirt John Charles McQuaid a bhí ina Ardeaspag ar Bhleá Cliath ina dhiaidh sin go raibh a leithéid ‘un-Irish and un-Catholic’.

Na Francaigh agus na Tuaisceartaigh amháin a thug ardán do shacar na mban, cé is moite de chúpla foireann monarchan, mar Dick, Kerr i Southport, a luaigh mé an tseachtain seo caite agus foireann dá chuid in Albain a raibh Rutherglen Ladies orthu.

Ba iad Molly Seaton agus beirt Fhrancach darbh ainm Carmen Pomies agus Madeliene Bracquemond réalta na linne.

Bhí Molly ina déagóir faoin am ar tháinig buaic a spóirt. Roimhe sin deirtear gur imir sí ar fhoirne buachaillí, sular bhunaigh sí cumann ban darbh ainm Castle Rovers, a d’imir cluichí dúshláin go leor i bpáirc Crusaders, Seaview.

Bhí sí ag bordáil ar na 6 troithe agus tugadh ‘Big Molly’ uirthi dá bharr. Le himeacht na mblianta chuaigh a cáil i bhfad agus i ngearr. Dá barr, thagadh sluaite móra ag breathnú ar chluichí a ndéarfá de ghnáth go mba bheag de thábhacht a bhain leo agus níos minice ná a chéile, bhíodh sé luaite go sonrach sa bhfógraíocht go mbeadh Molly ag imirt.

Bhí 26,000 i láthair ag cluiche i mBéal Feirste i 1921; 12,000 ag an imirt ar Pháirc Ruagairí na Seamróige i 1927 agus 15,000 ag cluiche idir na Francaigh agus Tuaisceart Éireann i mBéal Feirste an bhliain dár gcionn.

Timpeall an ama sin freisin d’fhág 1,000 duine an chathair sin ar thuras chuig Oileán Mhanann agus cead isteach ag cluiche sacair idir foirne ar tugadh ‘Éirinn’ agus Dick, Kerr mar chuid den oilithreacht. Lá arna mhárach dúradh san Isle of Man Examiner ‘Miss Seaton was the one player whose performance commanded attention. Her knowledge of the practical points of the game was astonishing.’

Ba ar mhaithe le carthanachtaí agus imeachtaí sóisialta a reáchtáladh cuid mhaith de na cluichí, ach creideadh go forleathan go raibh cúpla punt á fháil ag Seaton as a bheith i láthair. Go fiú go raibh gníomhaire aici a raibh Joe Farrell mar ainm air – rud nach raibh ag aon imreoir fir. Ba mhinic a hainm agus a pictiúir ar fhógraí nuachtáin ag moladh earraí éagsúla.

D’fhaigheadh Molly an-sásamh as pionta a ordú i Morrison’s nó san Edinburgh Castle agus níos mó ná sin arís a thabhairt le fios go mba é a cumas peile a bhí ag íoc as an deoch, nuair a tharraingíodh sí an seicín deich scilleacha as a sparán – staiceanna agus spleantair d’fhir lena hais agus gan oiread ina bpóca agus a dhéanfadh torann ar leic!

Carmen Pomies ón bhFrainc ar chlé agus Molly Seaton ar dheis roimh chluiche i 1936

Imirt theasaí go leor a bhíodh idir na Francaigh agus na Tuaisceartaigh de ghnáth, ach chuaigh rudaí beagán thar fóir i 1936 i gcluiche ar dhúirt an nuachtán The Northern Whig faoi: ‘It was a feast of fun from beginning to end, with free fights intermingled with football of which no Irish League team need be ashamed.’

D’fhógair bainisteoir na bhFrancach ar a cuid imreoirí an pháirc a fhágáil le linn an chéad leatha tar éis do Molly tabhairt faoi dhuine dá céilí comhraic go garbh. Ag leath ama thug an réiteoir cuairt ar na seomraí feistis agus chuir in iúl do na foirne go gcaithfeadh sé beart dá réir a dhéanamh ‘unless tempers were toned down, hands cut out, and feet only used for legitimate purposes.’

Bhásaigh Mary Ann Seaton, nó ‘Big Molly’ ar an 12 Eanáir 1974.

Fág freagra ar 'Duine ar leith ab ea Molly Seaton a raibh miotal níos déine ná an gnáth inti'