Duine amháin maraithe agus 32 duine gortaithe in ionsaí i lár Barcelona

Tiomáineadh veain ar ardluas tríd an gceantar coisithe Las Ramblas, mórláthair turasóireachta Barcelona

Duine amháin maraithe agus 32 duine gortaithe in ionsaí i lár Barcelona

Tá sé deimhnithe ag póilíní i mBarcelona gur maraíodh ar a laghad duine amháin agus gur gortaíodh 32 duine, deichniúr acu go dona, in eachtra sceimhlitheoireachta sa chathair sin tráthnóna.

Tuairiscíodh roimhe seo i meáin áirithe gur idir 10-13 duine a maraíodh.

Tharla an eachtra i mBarcelona tráthnóna nuair a tiomáineadh veain isteach i slua ar an tsráid aitheanta Las Ramblas i lár na cathrach.

Tá póilíní na Spáinne ag déileáil leis an eachtra mar ionsaí sceimhlitheoireachta. Tiomáineadh an veain isteach ar Las Ramblas ar thaobh Plaça de Catalunya agus tiomáineadh leathshlí síos an tsráid i dtreo an chalafoirt.

Tiomáineadh an veain ar ardluas tríd an gceantar coisithe, mórláthair turasóireachta Barcelona.

De réir tuairiscí ón láthair díríodh an veain d’aon turas ar choisithe nó gur stop sé ag mósáic Joan Miro ar an tsráid.

Thug an nuachtán El Pais le fios gur theith tiománaí an veain de shiúl na gcos ón láthair i ndiaidh dó an veain a thiomáint isteach sna sluaite.

Tuairiscítear chomh maith go bhfuil fear armtha amháin istigh i mbialann in aice láimhe.

Fág freagra ar 'Duine amháin maraithe agus 32 duine gortaithe in ionsaí i lár Barcelona'