Tá bás amháin eile de thoradh Covid-19 curtha ar an taifead ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.
2,267 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,720 duine ó dheas den teorainn agus 547 ó thuaidh di.
Dhá chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna.
30,264 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,391 cás ó dheas den teorainn agus 4,874 cás ó thuaidh di.
Idir an dá linn, tuairiscítear go bhfuil an tAE ag cuimhneamh ar chosc a chur ar dhaoine ó Mheiriceá taisteal go dtí tíortha an Aontais.
Tá brúisc mhór tagtha ar líon na gcásanna den choróinvíreas i Stáit Aontaithe Mheiriceá de réir mar atá na srianta dianghlasála á scaoileadh sa tír sin.
De réir na bhfigiúirí is déanaí, i seacht gcinn de stáit cuireadh níos mó daoine san ospidéal de thoradh an víris ná mar a cuireadh aon uair eile ó thús na paindéime. Tá breis is 100,000 duine curtha den saol i Meiriceá Laidineach ó thús na paindéime.
Sa Ghearmáin, cuireadh 600,000 duine faoi dhianghlasáil arís inné mar gheall ar bhraislí cásanna a dtángthas orthu i seamlas.
Meastar nach scaoilfear na srianta maidir le taisteal chun na hÉireann ach amháin i gcás tíortha eile a bhfuil an galar curtha faoi smacht acu.
Tuairiscítear gur ‘droichid aeir’ idir Éirinn agus tíortha áirithe eile atá sa cheann i gcónaí ag an Rialtas.
Tá tascfhórsa Aviation Recovery ag iarraidh go gcuirfí deireadh ar fad leis na srianta taistil a fhágann go moltar do dhaoine dul ar coraintín ar feadh 14 lá nuair a thagann siad chun na hÉireann.
Fág freagra ar 'Duine amháin eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart, dhá chás nua deimhnithe'