Duine amháin eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 686 cás nua fógartha

Tá an ráta scaipthe Covid-19 is ísle sa stát i gCiarraí agus an dara ráta is ísle i gCorcaigh

Duine amháin eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 686 cás nua fógartha

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil duine amháin eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 

686 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

726 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 156 acusan in ICU.

Dé hAoine seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 214,384 duine agus an dara dáileog faighte ag 126,320 duine.

31 de chásanna nua Covid-19 an lae inniu a bhain le Dún na nGall, 23 cás a bhain le contae na Mí agus 21 cás a bhain leis an nGaillimh.

Bhí 19 cás i Maigh Eo agus 19 cás freisin a bhí i gCorcaigh. 15 cás a bhí i bPort Láirge agus bhí níos lú ná cúig chás i gCiarraí.

Meánráta coicíse 240 cás in aghaidh gach 100,000 atá i gceist sa stát faoi láthair. 

Tá an tríú ráta is airde sa stát i nGaillimh (327), Baile Átha Cliath Thiar (437) agus Uíbh Fhailí (336).

Tá an ráta is ísle sa stát i gCiarraí (50) agus an dara ráta is ísle i gCorcaigh (95).

Ráta 271 atá i bPort Láirge, 258 atá i Maigh Eo, 241 atá i gcontae na Mí agus 165 atá i nDún na nGall.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe. 

Deimhníodh 187 cás nua den ghalar ansin tráthnóna. 339 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ó thuaidh inniu agus bhí 41 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 488,826 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 458,030 duine agus na dara ceann faighte ag 30,796.

6,173 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,036 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,137 duine ó dheas di.

326,909 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 215,743 cás ó dheas den teorainn agus 111,166 cás ó thuaidh di.

Seolfaidh an Rialtas amárach an plean nua le maireachtáil agus an Covid-19 sa tír. Meastar go gcuirfear aon scaoileadh ar fhormhór shrianta Leibhéal 5 ar athlá go dtí tús an Aibreáin. 

Ar an taobh eile de Mhuir Éireann, tá plean fógartha ag Boris Johnson le Sasana a athoscailt. Ceithre chéim atá sa bplean sin agus súil aige go mbeidh na srianta ar fad scaoilte faoin 21 Meitheamh.  

Fág freagra ar 'Duine amháin eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 686 cás nua fógartha'