Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 25 cás nua deimhnithe

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go mbeidh sé éigeantach ón Luan seo chugainn clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar an gcóras iompair poiblí

Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 25 cás nua deimhnithe

D’impigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, ar dhaoine a bheith cúramach an deireadh seachtaine seo

Tá duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 25 cás nua a deimhníodh.

2,298 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,744 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.

D’impigh an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, an Dr Ronan Glynn, ar dhaoine a bheith cúramach ag an deireadh seachtaine.

“An deireadh seachtaine seo, beidh deis againn ar fad roinnt aclaíochta a dhéanamh, bualadh lenár gcairde agus sult a bhaint as an saol ar bhealach sábháilte stuama.

“Le bhur dtoil, leanaigí an chomhairle sláinte phoiblí agus mura mbíonn sibh cinnte faoin áit a bhfuil rún agaibh dul nó faoi na pleananna atá agaibh, seiceáil na treoirlínte.”

Ní raibh bás ar bith eile le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu. Ceithre chás eile den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.

Cuireadh deireadh inniu sa Tuaisceart leis an tréimhse coraintín do dhaoine a thagann ó 50 tír, an Iodáil, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Spáinn ina measc.

31,361 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,589 cás ó dheas den teorainn agus 5,772 cás ó thuaidh di.

Tagann foilsiú na bhfigiúirí is déanaí sna sála ar fhógra an Taoisigh Micheál Martin go mbeidh sé éigeantach ón Luan seo chugainn clúdaigh aghaidhe a chaitheamh ar an gcóras iompair poiblí.

Ón lá sin amach beidh feidhm dlí ag na rialacháin nua a tugadh isteach chuige sin. 

Tá a leithéid de riail i bhfeidhm sa Tuaisceart ón lá inniu.

Dúirt Micheál Martin go leanfadh an Rialtas lena bpolasaí moladh do dhaoine clúdaigh aghaidhe a chaitheamh chomh maith agus iad laistigh in áiteanna plódaithe agus in áiteanna nach féidir an scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm. 

Dúirt an Taoiseach gur údar imní daoine a bheith ag cruinniú lena chéile agus go bhféadfadh a leithéid d’iompar a bheith ag treisiú scaipeadh an víris i measc an phobail. 

Údar imní chomh maith a dúirt sé go raibh an víreas á scaipeadh níos mó de bharr cúrsaí taistil. 

Dúirt an Taoiseach gur “go han-chúramach” a mhaolódh an Rialtas na treoirlínte maidir le cúrsaí taistil.

Dúirt sé freisin gur measa agus gur casta go mór a bheidh cúrsaí sna hospidéil an geimhreadh seo chugainn agus Covid-19 fós i réim ach go raibh plean á ullmhú ag na húdaráis.

Daoine faoi bhun 25 bliain d’aois a bhí i gceist le 17  den 23 cás nua a fógraíodh inné agus daoine faoi bhun 45 bliain d’aois a bhí i gceist leis na cásanna nua go léir.

Bhain naoi gcinn de na cásanna nua inné le braisle amháin, cásanna a raibh baint aige le cúrsaí taistil agus le grúpa daoine a bheith ag cruinniú le chéile.

Dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach, Ronan Glynn, go raibh fianaise mhaith ann go raibh braislí cásanna ag teacht chun cinn de bharr daoine a bheith ag cruinniú le chéile i ngrúpaí móra.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ag impí ar dhaoine gan dul thar lear murar taisteal riachtanach é.

“Ní hé seo an t-am a bheith ag dul ar saoire thar lear,” a dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna inné.

Meastar go bhfuil ráta atáirgthe an Covid-19 anois ag 1 nó beagáinín os a chionn,.

Dúirt an tOllamh Nolan gur údar a bhí san ardú ar an ráta atáirgthe a bheith “cáiréiseach” ach nárbh údar mór imní go fóill é.

Dúirt sé go raibh ardú beag ar líon na gcásanna nua agus go raibh an galar anois ar cheathrar in aghaidh gach 1,000 duine, i gcomparáid le triúr an tseachtain seo caite.

Mar sin féin, bhí cúrsaí “seasmhach” go maith ar an mórgóir, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 25 cás nua deimhnithe'