Dúchas an Ghobharnóra fréamhaithe go domhain i gConamara

Ní raibh an Gobharnóir Joseph Brennan, atá os cionn 80 bliain d’aois, ar an eolas faoi chosán teaghlaigh a athar

 

Screen Shot 2015-07-09 at 00.32.30
Pictiúr: Curt Fletcher

Lá ar bith feasta, beidh Michael Connolly, ollamh le stair i Maine, Meiriceá, ag casadh le hiar-Ghobharnóir an stáit sin, Joseph Brennan, agus scéal aige don Bhraonánach.

Inseoidh sé don Ghobharnóir gur rugadh a athair i mbaile fearainn ar imeall thiar Ghaeltacht Chonamara. Déarfaidh Connolly leis an nGobharnóir freisin gur sheas sé féin ar láthair an tí sin i mbaile Roisín na Mainíoch i bpobal Charna roinnt laethanta ó shin. Ní raibh an Gobharnóir, atá anois caite na gceithre scór, ar an eolas ariamh cheana faoi chosán teaghlaigh a athair as Éirinn.

‘Bhí a fhios aige go mba de shliocht Éireannach é ach thairis sin ní raibh aon eolas beacht eile aige faoi,’ arsa Connolly, a chónaíonn i gcathair Portland i Maine – an áit chéanna arbh as don Gobharnóir Brennan.

Scéal truamhéalach é nuair a insítear uilig é, scéal a bhfuil a mhacalla i scéalta go leor faoin imirce as Éirinn go Meiriceá.

Ach ar an taobh eile, is scéal é a léiríonn an intleacht agus an teacht aniar a bhí i muintir Chonamara a chuaigh go Meiriceá agus iad beo bocht.

Bhí a fhios go maith i gcónaí go mba as Caladh bhFuinnse i gCarna (an baile céanna arbh as athair Mharty Walsh, Méara Bhoston) í máthair Brennan, Kate Ní Mhaoilchiaráin nó Kate Mheairc Mhurchadha.

Ar nós cuimse daoine eile as Conamara, chuaigh Kate ar imirce go Portland, Maine agus ba ansin a phós sí fear óg darbh ainm John Brennan. Bhí cónaí orthu ar Shráid Kellog i gceantar na nÉireannach i Munjoy Hill sa gcathair. Bhí ochtar clainne acu agus duine acu ba ea Joseph Brennan, a rugadh i 1934.

Mac léinn cumasach a bhí i mBrennan agus thug sé céimeanna leis sa dlí. Ansin dhírigh sé ar an saol poiblí agus toghadh é ina Fheisire Stáit, ina Sheanadóir Stáit agus ina Ard-Aighne i Maine sular toghadh é ina Ghobharnóir i 1979.

Ansin chaith sé dhá théarma mar Fheisire Comhdhála i Washington idir 1987 agus 1991. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, cheap an tUachtarán Bill Clinton é ar Choimisiún Riaracháin Mara na Stát Aontaithe. Thug an tUachtarán George W. Bush téarma cúig bliana eile dó ina dhiaidh sin.

Tá Joseph Brennan ar ais anois ina chónaí i Portland. Thug Ionad Oidhreachta na hÉireann sa gcathair sin Gradam an Chladaigh – The Claddagh Award – dó beagán blianta ó shin. Ach ní go dtí anois a thuig Brennan cé chomh domhain agus atá fréamhacha a mhuintire i nGaeltacht iarthar Chonamara.

Bhí dream de mhuintir Uí Bhraonáin ina gcónaí thíos le cladach i Roisín na Mainíoch i gCarna sa naoú haois déag agus phós fear acu darbh ainm Beairtle Ó Braonáin (‘Brannan’ a thugtaí orthu thart ar an mbaile) bean darbh ainm Bridget McDonagh as an mbaile céanna.

Bhí an mí-ádh orthu agus bhásaigh Beairtle go hóg agus bhásaigh beirt ghasúr leo freisin. Ní raibh fanta ach an mháthair agus gasúr eile, John. D’imíodar as Carna agus sheoladar as Queenstown ar an 28 Samhain 1900. Sé bliana d’aois a bhí John beag agus a dtriail ar chathair Portland. Le himeacht aimsire phós an fear óg John Brennan agus Kate Ní Mhaoilchiaráin i bPortland. Bha mac leo Joseph Brennan, a bhí ina ionadaí ag an Stát sin i Washington.

Tugadh an t-eolas faoi thaobh na mBraonán chun cruinnis in eagrán na bliana seo den leabhar Iorras Aithneach.

Tarlaíodh sé scaití nár roinntí na scéalta ón mbaile le daoine óga i Meiriceá toisc an iomarca bochtanais agus uaignis a bheith ag baint leis na scéalta céanna. Chuile sheans gur ar an gcúis sin nach raibh eolas ag an nGobharnóir Brennan ar thaobh a athar.

Ach bhí an staraí Michael Connolly i gConamara le ríghairid agus thug Seosamh Ó Cuaig, a scríobhann go leor píosaí staire do Iorras Aithneach, síos tríd na garantaí go cladach Roisín na Mainíoch é go bhfeicfeadh sé na fothracha as a dtáinig muintir an Ghobharnóra Brennan. ‘Is fada liom go bhfeicfidh mé an Gobharnóir go n-inseoidh mé dó gur threabh mé an bealach achrannach go dtí bunáit a shinsear,’ arsa Connolly. Níor thada é sin i gcomórtas leis an gcosán achrannach a threabh a mháthair mhór, Bridget, agus a mac beag, John, as sin trasna an Atlantaigh 115 bliain ó shin.

Tuigeann Brennan anois a cheangal le Gaeltacht Chonamara ar ’chaon taobh.

Fág freagra ar 'Dúchas an Ghobharnóra fréamhaithe go domhain i gConamara'