Dublin Oldschool cuibheasach slachtmhar ach ní bhainfidh sé barr an ranga amach

Is iad na comhraic bheirte na radhairc is cumhachtaí agus is nádúrtha in Dublin Oldschool

Dublin Oldschool cuibheasach slachtmhar ach ní bhainfidh sé barr an ranga amach

Dublin Oldschool
Stiúrthóir: Dave Tynan
Cliar: Emmet Kirwan, Ian Lloyd Anderson, Seán Kerslake, Sarah Greene, Ciaran Grace, Mark O’Halloran.

Bhí an-rath agus tóir ar an dráma beirte Dublin Oldschool in 2014. D’éirigh le saothar Emmet Kirwan léiriú réalaíoch, daonna agus greannmhar a thabhairt ar úsáid drugaí i measc lucht réabh i mBaile Átha Cliath. Ach is cigilteach agus is dúshlánach an mhaise é saothar stáitse a chóiriú don scáileán agus d’fhéadfadh an rud a bhí nótáilte ar stáitse a bheith neafaiseach ar scáileán.

Is mó saothar stáitse cumasach a chuaigh sa bhfraoch san aistear achrannach chuig an scáileán. Sa chás seo ’sé Kirwan, i gcomhpháirt leis an stiúrthóir Dave Tynan, a dhein an scríbhinn a chóiriú agus le gaistí an aistir a sheachaint déantar raidhse carachtar breise a shníomh isteach. Lena chois sin, baintear úsáid as láithreacha éagsúla; cinn ná chífeá in aon fhógra turasóireachta agus ligtear don lucht féachana lán a gcuid súl a bhaint as tírdhreacha Bhaile Átha Cliath, idir chraiceann agus chnámha.

Cé go bhfuil Jason (Kirwan) sna tríochaidí tá meon an déagóra aige. É ar an drabhlás agus ag imeacht le haer an tsaoil. Is cuma sa diabhal leis faoin jab gan dealramh atá aige i siopa ceirníní agus cé gur mian leis a bheith ina DJ tá na drugaí ag teacht salach ar an uaillmhian. Ní léiríonn sé puinn dílseachta dá chairde agus níl uaidh ach an chéad dreas eile drugaí. Cé nach dtuigeann sé féin é tá sé ar thairseach na handúile.

Lá de na laethanta castar a dheartháir níos sine air, deartháir a mheas sé a bhí caillte le handúil hearóine. D’imigh Daniel (Anderson) go Sasana roinnt blianta roimhe sin agus ní raibh tásc ná tuairisc air ó shin. Baineann seo macalla as saol Kirwan féin.

’Sé an gaol seo idir an bheirt deartháireacha croílár an scannáin, é lán le binb, grá, goimh agus dílseacht agus ’siad na comhraic bheirte seo cuid de na radharcanna is cumhachtaí agus is nádúrtha sa scannán.

Ní thuigeann Jason go bhfuil sé ar imeall na haimléise; go bhfuil sé ag caitheamh go hainnis le daoine eile agus go bhfuil sé ar tí titim isteach i sa duibheagán drugaí as a dtáinig a dheartháir. Tugann Anderson taispeántas ábalta uaidh; an fhearg agus aiféala fite leis an diongbháilteacht agus an greann.

Ar an drochuair níl cuid de na carachtair thánaisteacha chomh fuinte céanna. Aisteoirí iontacha iad Kerslake agus Greene a bhfuil carachtair shuimiúla idir lámha acu agus is mór an trua nach bhfuil breis téagair iontu.

Déanann tráchtaireacht Kirwan sin a thionlacan tríd na heachtraí agus cé gur maith liom féin ciúta na tráchtaireachta i scannáin ní raibh gá leis anseo. Tá an scríbhinn foclach, fealsúnach, deisbhéalach agus cé go n-oibríonn seo go minic téann sé chun leadráin ar uairibh.

I ndeireadh na dála éiríonn le Kirwan agus a leathbhádóirí gaistí an aistir chun an scáileáin a sheachaint agus táirge cuíosach slachtmhar a thabhairt dúinn.

Fág freagra ar 'Dublin Oldschool cuibheasach slachtmhar ach ní bhainfidh sé barr an ranga amach'