Duartan is gála atá i ndán dúinn go ceann cúpla lá

Tá rabhadh buí báistí eisithe ag Met Éireann ó aréir do Chúige Chonnacht ar fad agus contaetha an Longfoirt, an Chláir, Dhún na nGall agus Chiarraí. Beidh an fhainic sin i bhfeidhm go dtí a ceathair a chlog amárach

Duartan is gála atá i ndán dúinn go ceann cúpla lá

Tá rabhadh buí báistí eisithe ag Met Éireann ó aréir do Chúige Chonnacht ar fad agus contaetha an Longfoirt, an Chláir, Dhún na nGall agus Chiarraí. Beidh an fhainic sin i bhfeidhm go dtí a ceathair a chlog amárach.

Tá meitéareolaithe Met Éireann ag tuar go dtitfidh idir 25mm agus 40mm báistí sna ceithre huaire fichead as seo go dtí amárach.

Údar mór imní an díle sin mar go bhfuil an talamh báite mar atá de bharr na báistí a thug na stoirmeacha Ciara agus Dennis chugainn agus an-chontúirt ann go mbeidh tuilte agus fuarlaigh ar bhóithre agus ar thalamh íseal.

Tá aibhneacha ag cur thar maoil cheana féin agus talamh feirme agus roinnt bóithre faoi uisce i lár tíre. Má sceitheann na haibhneacha a mbruacha, d’fhéadfadh tithe, sciobóil agus beatha ainmhithe a bheith scriosta agus é ag dul rite le feirmeoirí beatha a thabhairt chuig an mbeostoc.

Tá rabhadh buí gála i bhfeidhm ar an gcósta thiar inniu chomh maith ó Charn Uí Néid i gCorcaigh go Ceann Léime na Gaillimhe agus suas le cósta go Cionn Mhálanna i nDún na nGall. Gaoth aneas agus aniar aneas a bheas againn agus siotaí gála fórsa 8 léi in amanna.

Ní bheidh deireadh leis an duartan inniu ach an oiread mar lá fuar feanntach gaofar agus múrtha clocha sneachta atá á ghealladh dúinn ag Met Éireann amárach agus an baol ann go mbeidh toirneach againn chomh maith.

Stolladh fuar gaoithe agus ceathanna troma báistí atá romhainn ar an Aoine freisin agus baol tuilte i gCúige Chonnacht agus in iarthar Chúige Uladh.

Tá imní agus cantal ar dhaoine atá ina gcónaí thart ar Loch Fuinseann in aice le Baile Átha Luain, áit a bhfuil suas le míle acra talún faoi uisce faoin tráth seo. Turloch atá sa loch seo, cineál locha a bhíonn coitianta i dtalamh aolchloiche agus a thriomaíonn agus a imíonn as amharc síos sa slogaide sa samhradh.

Leis an athrú aeráide agus an méadú ar an bhfliuchras, ní éiríonn leis an loch seo taoscadh isteach sa tSionainn i rith an tsamhraidh mar a tharlaíodh. Tá muintir na háite ag iarraidh go gcaithfí milliún euro ar stáisiún pumpála leis an uisce a phumpáil amach sa tSionainn ach ar ndóigh d’fhéadfadh tionchar a bheith ag an bhfaoiseamh sin ar dhream éigin eile cois Sionainne.

Fág freagra ar 'Duartan is gála atá i ndán dúinn go ceann cúpla lá'