Dualgas trom ar chomhairlí lena chinntiú go mbeidh dídean acu siúd atá díbeartha go fealltach ag Putin as a dtír féin

Deir Comhairlí Contae go bhfuil Pleananna Contae curtha as a riocht in Éirinn ag an suaitheadh idirnáisiúnta 

Dualgas trom ar chomhairlí lena chinntiú go mbeidh dídean acu siúd atá díbeartha go fealltach ag Putin as a dtír féin

Beidh cúig lá iomlán suíocháin ag Comhairleoirí Contae na Gaillimhe ar an bPlean Contae 2022-2028 i mí Aibreáin agus na Bealtaine.

Ag cur bailchríoch ar an bPlean a bheidh na naoi mball déag agus fiche den Chomhairle agus iad i gcuideachta na bainistíochta agus na bhfeidhmeannach. 

Ach tá siad ag plé le saol atá athraithe go mór ó tosaíodh ag réiteach an Phlean Contae seo.

“Níl mórán céille leis an bPlean atá réitithe againn anois. Caithfear athruithe móra a chur air,” a deir an Comhairleoir Jimmy McClearn as Cill Íomair in oirdheisceart na Gaillimhe. 

An lear mór daoine atá ag teacht isteach as an Úcráin a bhí i gceist ag an gComhairleoir McClearn nuair a rinne sé an chaint sin. Chuir an Comhairleoir Alistair McKinstry leis an gcaint sin. “Beidh tithíocht ag teastáil le haghaidh idir 5,000 agus 10,000 duine,” a deir McKinstry. “Dúshlán mór é sin i gContae na Gaillimhe”. 

Beidh an cineál céanna ceiste le láimhsiú ag údaráis áitiúla ar fud na hÉireann agus go leor acusan ag plé le pleananna contae faoi láthair freisin. Sé an Plean Contae an ‘bíobla’ chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí pleanála. 

Le riar maith blianta anois leagtar síos tomhas ar an méadú a thiocfaidh ar an daonra i mbailte móra éagsúla. Tá Cinn Mhara ar chósta Chuan na Gaillimhe ar cheann acu. 

“Méadú de 200 duine atá ceaptha do Chinn Mhara idir seo agus 2028,” a deir Joe Byrne, Comhairleoir de chuid Fhine Gael agus é ag labhairt ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dtús na seachtaine seo. “Tá 80 duine breise ann cheana féin.” 

Na teifigh atá tagtha as an Úcráin agus atá ag cur fúthu ar an mbaile sin a bhí i gceist ag an gComhairleoir Byrne. 

Má thagann cuid mhaith de 10,000 teifeach go ceantar Chomhairle Chontae na Gaillimhe – sin taobh amuigh de theorainneacha na cathrach – d’fhéadfadh cuid mhaith de 2,500 teach nó árasán a bheith ag teastáil. Bheadh sé seo bunaithe ar cheathrar i chuile theach – an meánráta atá sa stát seo faoi láthair. 

Leagadh síos sa bplean nua tithíochta ‘Tithíocht do Chách – Plean Tithíochta Nua d’Éirinn’ go mbeadh 1700 teach/árasán sóisialta le cur ar fáil ag na gComhairle idir seo agus 2028. Ach b’in sular tharla tragóid na hÚcráine. 

Tarraingíodh anuas aríst ag cruinniú Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo an lear tithe sa gcontae atá folamh i bhfianaise na géarchéime atá ann anois. Os cionn 7,000 acu atá ann ach is fusa go mór a bheith ag caint orthu ná a ghabháil go bun an údair agus féachaint le seilbh – bíodh sin ar feadh tamaill ná go buan – a fháil orthu. 

Ceapann an Comhairleoir Jim Cuddy go bhfuil áibhéil á dhéanamh faoin lear de na tithe seo a bheadh ar fáil. Deir seisean gur “cosúil go bhfuil tithe saoire á gcomhaireamh ina measc ach tá cead ag daoine an dara háit chónaithe a bheith acu ag amanna difriúla den bhliain, nó mar is mian leo féin”.

Moladh ag an gcruinniú go bhféachfaí le cuntas cruinn a fháil ar an méid tithe a bhféadfadh an Chomhairle Contae leas a bhaint astu. Beart deacair an cuntas seo a chur i dtoll a chéile agus gan ach oifigeach lánaimseartha amháin ag gníomhú sa rannóg sin. 

Creideann Jim Cuddy go dtiocfaidh an crú ar an tairne ag na cruinnithe atá beartaithe san Aibreán agus sa mBealtaine. 

“Tá an Rialaitheoir Pleanála sa mullach orainn anois freisin,” arsa Jim Cuddy. 

“Sin post nua agus tá a lorg le feiceáil ar dhréachtphleananna contae ar fud na tíre. Mar shampla, táthar in aghaidh tithe tuaithe astu féin agus bhíothas ag bagairt ar Chomhairleoirí na Gaillimhe nach mbeadh glacadh as gcontae seo ach le 950 teach tuaithe, ar a mhéid, as seo go dtí 2028. Cuir i gcás go dteastaíonn cead pleanála i gConamara ó dhuine as an Úcráin atá lonnaithe anois i gCarna? An mbeidh glacadh leis sin?”

Ní ceist í seo atá míréadúil. 

Cheana féin, tá cuid den dream atá ina gcónaí in Óstán Chuan Charna gaibhte i mbun postanna in iarthar Chonamara. Tá an rud céanna tarlaithe i gCinn Mhara. Ba dheacair a shéanadh nach mbeadh údar sóisialta agus eacnamaíochta acu siúd a bheadh sa gcás sin le cur fúthu go buan san gceantar; údar eacnamaíochta agus sóisialta na slata tomhais atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe nuair atá teach tuaithe as féin ag teastáil. 

Saol agus saothar nua atá amach roimh Chomhairleoirí Chontae na Gaillimhe sna míonna atá romhainn. Is ionann na cás ag Comhairleoirí ar fud na tíre. Táthar ag iarraidh go mbeadh teach agus compord agus dídean acu siúd atá díbeartha go fealltach ag Putin as a dtír dhúchais. 

Titfidh dualgas trom ar chrann na gComhairleoirí Contae agus ar fheidhmeannas na gComhairlí sin sa tír seo anois. 

Fág freagra ar 'Dualgas trom ar chomhairlí lena chinntiú go mbeidh dídean acu siúd atá díbeartha go fealltach ag Putin as a dtír féin'