‘Ní thuigeann RTÉ chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge ná an chosaint reachtúil atá aici’ – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge Catherine Connolly inné nach dtuigeann RTÉ tábhacht na Gaeilge agus dúirt sí go raibh dualgas ar an gcraoltóir aghaidh a thabhairt ar ‘mhíchrothromaíocht pá’ in RTÉ Raidió na Gaeltachta

‘Ní thuigeann RTÉ chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge ná an chosaint reachtúil atá aici’  – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge

Rinneadh cáineadh géar ag cruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné ar an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ.

Pléadh ceist an phá, atá ina chnámh spairne le fada ag lucht ceardchumainn sa stáisiún Gaeltachta, ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Dúirt Cathaoirleach an choiste sin, an Teachta Dála neamhspleách, Catherine Connolly, go raibh “dualgas” ar bhaill an Choiste “mar Theachtaí Dála” féachaint chuige nach mbeadh an Ghaeilge thíos le “míchothromaíocht pá”.

“Ní thuigim cén fáth go bhfuil RnaG sásta glacadh leis sin,” a dúirt Catherine Connolly.

Chuir Cathaoirleach an Choiste i leith RTÉ inné nach dtuigeann siad “chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge ná an chosaint atá ag an nGaeilge sa reachtaíocht”.

Nuair a dúradh leis an gcoiste go dtéann an struchtúr pá ar leith atá i bhfeidhm i Raidió na Gaeltachta siar go dtí bunú an stáisiúin i 1972, dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go gcaithfí a bheith “cúramach” nó bheifí ag “dul siar go Cromaill”.

Ag tagairt do cheist an phá, dúirt Ó Cuív go mbeadh sé “ina réabadh uilig dá mbeadh sé a dhéanamh ar bhonn inscne” in RTÉ.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Peadar Tóibín nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh craoltóireacht na Gaeilge ar chéim “níos ísle” ná craoltóireacht an Bhéarla. Mhol sé an tseirbhís a chuirtear ar fáil ar Raidió na Gaeltachta, mar a rinne baill eile an choiste, ach dúirt sé nach raibh ann ach “creatlach” de sheirbhís mar gheall ar “easpa acmhainní agus foirne” agus easpa “suime” RTÉ.

Tugadh le fios don choiste gur €11.576 milliún a chuir RTÉ ar fáil do Raidió na Gaeltachta anuraidh agus gur 84 duine atá fostaithe ag an stáisiúin.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir in RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire in RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in RTÉ.

Thug grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Rónán Mac Con Iomaire le fios gurb é an rud is gaire de ghrád an Chláir-Reachtaire sa chuid eile den stáisiún ná an t-iriseoir ilmheáin a fhaigheann idir €43,000- €66,000.

Tugadh le fios do bhaill an choiste go raibh athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ar an 160 grád uile atá in RTÉ agus na struchtúir pá a bhaineann leo. D’fhéachfaí a dúradh ar cheist ghrád an Chláir-Reachtaire in RTÉ RnaG mar chuid den athbhreithniú sin.

Mhol baill an choiste inné chomh maith go mbunófaí an dara stáisiún Gaeilge náisiúnta a bheadh ag freastal ar dhaoine óga. Dúradh nach bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag freastal ar chách.

Ag tús an chruinnithe inné, chuir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly in iúl don toscaireacht a bhí i láthair ó fhoireann bainistíochta Raidió na Gaeltachta agus RTÉ go raibh díomá uirthi gur i mBéarla a bhí an comhfhreagras a fuarthas roimh an gcruinniú.

Mhol urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go ndéanfadh an coiste gearán oifigiúil leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal toisc go raibh an comhfhreagras a fuair an  coiste “in aghaidh an dlí”.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag duine den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi i scríbhinn ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.

Dúirt Ó Cuív agus Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chomh maith gur ábhar díomá dóibh nár ghlac Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes le cuireadh an choiste teacht ina láthair inniu don phlé faoi ‘fhorbairt agus todhchaí Raidió na Gaeltachta’.

Bhí Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Ábhar RTÉ, Jim Jennings, agus ceannasaí gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha i láthair ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna inné chun ceisteanna a fhreagairt faoi fhorbairt an stáisiúin amach anseo.

Fág freagra ar '‘Ní thuigeann RTÉ chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge ná an chosaint reachtúil atá aici’ – Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge'