Dualgas ar an Rialtas cuidiú leo siúd is mó atá ag fulaingt

Tá roghanna móra le déanamh ag an Rialtas go luath faoi conas dul i ngleic leis na ngéarchéim costas maireachtála

Dualgas ar an Rialtas cuidiú leo siúd is mó atá ag fulaingt

Tá roghanna móra le déanamh as seo go ceann seachtaine ag an rialtas. Gheall siad dúinn go mbeidís tuisceanach le linn na géarchéime costas maireachtála agus nach mbeifí in ann locht a chur orthu sna beartais a chuirfidís i gcrích le tacú le daoine.

Ceann de na roghanna is ea cé acu ba cheart beartais fhadtéarmacha nó aon uaire a fhógairt? An mó leas a dhéanfadh sé ardú leanúnach a chur ar liúntais do dhaoine ar ioncam íseal, ar liúntais mhíchumais nó iadsan a bhíonn i dteideal an liúntais bhreosla? Nó arbh fhearr díriú ar íocaíochtaí aon uaire cosúil le creidmheas eile i dtreo billí leictreachais? Nó íocaíocht dhúbailte liúntais leanaí agus pinsin?

Tá sé á thuairisciú go forleathan go gcuirfear deireadh leis an ráta íseal cáin bhreisluacha i dtionscal an fháilteachais.

Is beag leas a dhéanfaidh an rogha áirithe sin do dhaoine bochta nach bhfuil in acmhainn dul amach ag ithe nó fanacht in óstán. Tá an costas a bhaineann lena leithéid ag ardú go leanúnach, ar aon nós, beag beann ar an gcostas CBL níos ísle.

Buille mór a bheidh ann do phobail tuaithe má roghnaíonn an rialtas deireadh a chur leis an laghdú ar dhleachtanna breosla.

Is mór an lear 20 cent breise ar an lítear peitril nó díosail. Tá rogha agat dul ag siúl nó dul ar an mbus, a déarfar linn. Níl i bhformhór na tíre – tá an córas iompar poiblí faoin tuath tubaisteach agus ní hé an uile dhuine ach i bhfoisceacht cúpla nóiméad siúil don séipéal nó don siopa nó don scoil.

Beidh gach rogha a dhéanann polaiteoirí, ainneoin a ndeir siad, á dhéanamh agus leathshúil acu ar an tairbhe pholaitiúil. Is mó buíochas a bheidh ag daoine d’aois ar leith i gceantair ar leith ar aon rud a fhaigheann siad mar chuid den mhionbhuiséad a fhógrófar, deirtear linn, an tseachtain seo chugainn. Tá an tuairimíocht agus na leidí go bhfuil bréagfheachtas toghcháin tosaithe cheana féin ag éirí níos fairsinge. Dá réir, agus ní milleán orthu é, beidh polaiteoirí ag iarraidh an leas polaitiúil is mó a bhaint as aon fhéiríní a thugann siad.

Ós ag caint ar roghanna é ní miste don rialtas, do na stocairí agus dúinn ar fad smaoineamh go bhfuil daoine sa tír a roghnaíonn ocras a thabhairt dóibh féin ar mhaithe lena chinntiú go mbeidh béile ag a gclann.

Tá daoine aosta a roghnaíonn cóta a chaitheamh ar feadh an lae agus dul a chodladh sa tráthnóna le costas teasa a sheachaint. Tá teaghlaigh a chaitheann rogha a dhéanamh idir teas agus bia. Tá roghanna le déanamh againn ar fad faoi láthair le bheith tíosach agus críonna ach tá an bhróg ag luí níos troime ar dhaoine thar a chéile.

Tá dualgas ar an rialtas, nuair a thagann siad chun cinn lena gcuid roghanna féin as seo go ceann cúpla lá iarracht a dhéanamh breathnú amach dóibh siúd is mó atá ag fulaingt.

Fág freagra ar 'Dualgas ar an Rialtas cuidiú leo siúd is mó atá ag fulaingt'