Duaiseanna tugtha leo ag tionscadail Ghaeilge ag Taispeántas ‘Eolaí Óg BT’

Moladh ardchaighdeán na dtionscadal Gaeilge a cuireadh i láthair ag an seó eolaíochta san RDS an tseachtain seo caite

Duaiseanna tugtha leo ag tionscadail Ghaeilge ag Taispeántas ‘Eolaí Óg BT’

Trí thionscadal Gaeilge a thug leo duaiseanna ó Thaispeántas an Eolaí Óig BT i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite.

Cuireadh 32 tionscadal i láthair i nGaeilge le linn an taispeántais san RDS agus dúirt an tOllamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford  Liam Ó Dubhláin, duine de na moltóirí agus comhfhreagraí eolaíochta Tuairisc.ie, gur bhain na heolaithe óga a chuir saothar Gaeilge chun cinn “ardchaighdeán” amach.

Ba é Iarlaith Mac Fhionnghaile, dalta ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn, is mó a raibh cúis cheiliúrtha aige agus an chéad áit faighte aige sa rannóg Eolaíochta Sóisialta agus Iompraíochta do dhaltaí sinsir aonair.

Turgnamh eolaíochta faoin ‘tionchar a bhíonn ag ‘cúpla deoch’ ar thiomáint’ a bhí i dtionscadal Mhic Fhionnghaile agus anailís déanta aige ar an tionchar a bhíonn ag dhá phionta ar thiomáint na bhfear agus ag pionta amháin ar thiomáint na mban.

De réir na dtorthaí, tháinig laghdú ollmhór ar a gcumas tiomána i ndiaidh an méid sin alcóil a bheith ólta acu.

Bhain taighde Mhic Fhionnghaile an duais don tionscadal Gaeilge ab fhearr ag an taispeántas.

Fuair beirt eile ó scoileanna lán-Ghaeilge an tríú háit ina gcuid rannóg ag an taispeántas.

Bhain dalta eile ó Choláiste Ailigh, Chloe Ní Chiaráin, an tríú háit amach sa rannóg Eolaíochtaí Bitheacha agus Éiceolaíocha do dhaltaí shóisir aonair. Rinne Ní Chiaráin taighde ar einsím faoi leith a tháirgtear i mbéal daltaí scoile nuair a bhíonn siad faoi strus.

Is sa tríú háit chomh maith a chríochnaigh Diarmuid Ó Duigneáin sa rannóg Eolaíochtaí Bitheacha agus Éiceolaíocha do dhaltaí idirmheánach aonair. Rinne Ó Duigneáin, a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáiste Reachrann i mBaile Átha Cliath, taighde ar an méid baictéar a bhíonn ar bharr an bhuidéil uisce a mbíonn an fhoireann peile go léir ag ól as.

Léirigh sé go scaiptear galar ar an gcaoi seo agus go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh a bhuidéal uisce féin ag gach imreoir.

San Iomlán, chuir beagnach ceithre scór dalta as 16 scoil lán-Ghaeilge agus Ghaeltachta a dtionscadail i láthair i nGaeilge ag an taispeántas an Eolaí Óig.

Fág freagra ar 'Duaiseanna tugtha leo ag tionscadail Ghaeilge ag Taispeántas ‘Eolaí Óg BT’'