Duais litríochta idirnáisiúnta buaite ag leabhar faoi An Gúm

Tá duais bronnta ag An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann ar shaothar taighde nua faoi thriúr scríbhneoirí tábhachtacha de chuid An Gúm: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín

Duais litríochta idirnáisiúnta buaite ag leabhar faoi An Gúm

Tá duais litríochta idirnáisiúnta buaite ag an leabhar Gaeilge Gallán an Ghúim le Gearóidín Uí Laighléis.

An Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann a bhronn an duais don leabhar taighde is fearr i nGaeilge ar Uí Laighléis dá saothar nua faoi thriúr scríbhneoirí tábhachtacha de chuid An Gúm: Máirtín Ó Cadhain, Seosamh Mac Grianna agus Seán Tóibín.

Tá saothar Uí Laighléis, atá foilsithe ag Coiscéim, ar cheann de chúig leabhar atá roghnaithe i mbliana ag an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) dá ngradaim litríochta.

Tugann an Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann aitheantas do scoth na leabhar a fhoilsítear gach bliain ar ábhar a bhaineann le hÉirinn.

I measc na mbuaiteoirí eile, tá Liffey and Lethe: Paramnesiac History in Nineteenth-Century Anglo-Ireland, le Patrick R. O’Malley, The End of Outrage: Post-Famine Adjustment in Rural Ireland le Breandán Mac Suibhne, Expelling the Poor: Atlantic Seaboard States and the Nineteenth-Century Origins of American Immigration Policy le Hidetaka Hirota agus Famine Irish and the American Racial State le Peter D. O’Neill.

Bronnadh an duais don tráchtas is fearr ar scoláire de chuid Ollscoil York, Jack Quin, as an taighde a rinne sé ar W.B. Yeats.

Ba í Máiréad Ní Chinnéide an chéad scríbhneoir Gaeilge a bhuaigh duais litríochta ACIS nuair a bronnadh an duais uirthi as a leabhar An Damer: Stair Amharclainne a foilsíodh in 2008.

Ó shin i leith bhí Seán Ó hÉanacháin (An Ghaeilge i Maigh Nuad), Cormac Ó Comhraí (Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923), Cian Ó hÉigeartaigh agus Aoileann Nic Gearailt (Sáirséal agus Dill 19471981: Scéal Foilsitheora) ar na scríbhneoirí Gaeilge eile a fuair duais.

Fág freagra ar 'Duais litríochta idirnáisiúnta buaite ag leabhar faoi An Gúm'