Duais iriseoireachta buaite ag réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua agus a chairde

Bhuaigh clár a rinne mic léinn as Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge duais ag gradaim iriseoireachta na mac léinn, na Smedias, le déanaí

Duais iriseoireachta buaite ag réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua agus a chairde

Foireann Coolchaint agus iad ag casadh le Art Parkinson (ina shuí) ó ‘Game of Thrones’, Padhraig Parkinson, Colm De Buitléar, Caitlín Ní Mhurchú, Éabha Sloyen

Bhí an réalta óg rugbaí as an gCeathrú Rua, Colm de Buitléar, i measc grúpa mac léinn a bhain gradam iriseoireachta amach le gairid.

Bhuaigh de Buitléar, a bhíonn ag imirt le Cúige Chonnacht, agus seachtar comhghleacaithe dá chuid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an duais as an gclár raidió Gaeilge is fearr ag na Smedias, na gradaim iriseoireachta do mhic léinn tríú leibhéal.

Clár dar teideal Coolchaint a rinne na mic léinn atá ag déanamh an BA sa Chumarsáid agus Gaeilge a bhíonn á riaradh ag an Acadamh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Craoladh an clár Coolchaint ar stáisiún na hOllscoile Flirt Fm i mbliana.

Dúirt duine de theagascóirí an ghrúpa, an léachtóir agus iarchraoltóir, Norita Ní Chartúir, gur “iontach an t-aitheantas” an gradam do na mic léinn go háirithe.

“Tuigeann muid an tábhacht a bhaineann leis an taithí seo a roinnt le mic léinn óga agus iad a spreagadh i dtreo na craoltóireachta trí Ghaeilge sa todhchaí. Tá aitheantas ag dul freisin do mo chomhghleacaí Fionn Ó Sealbhaigh a dhéanann cúram do chúrsaí fuaime agus teicniúla.”

Cúrsaí imirce, an Breatimeacht agus an fhoireann pheile Gaeil na Gaillimhe  a bhí faoi chaibidil ag na mic léinn sa chlár ar éirigh leis ag na Smedias.

Fág freagra ar 'Duais iriseoireachta buaite ag réalta óg rugbaí na Ceathrún Rua agus a chairde'