Duais idirnáisiúnta ailtireachta buaite ag méanscoil lán-Ghaeilge i dTír Chonaill

Bronnadh an chéad duais i gcomórtas idirnáisiúnta ailtireachta ar an gcomhlacht a dhear Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn

Duais idirnáisiúnta ailtireachta buaite ag méanscoil lán-Ghaeilge i dTír Chonaill

Bronnadh duais idirnáisiúnta ar an gcomhlacht ailtireachta a dhear an mheánscoil lán-Ghaeilge, Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn i dTír Chonaill. Aontas Idirnáisiúnta na nAiltirí a bhronn an duais ar an gcomhlacht McGarry Ní Éanaigh, a dhear an foirgneamh.

Tá an scoil, atá suite ar imeall Leitir Ceanainn, tógtha ar dhá leibhéal agus an foirgneamh claonta i dtreo an oirthir. Suite sa chnoc atá an leibhéal is ísle agus is trasna ó pháirc atá éadan na scoile. Creideann McGarret Ní Éanaigh go bhfuil ‘ríthábhacht’ ag baint leis an timpeallacht agus dúirt go bhfuil sé sin le feiceáil “sa chaoi ar dearadh an scoil”. Péinteáladh dath gorm geal ar an scoil ionas go mbeadh cuma na spéire uirthi agus tá díon na scoile dealbhaithe chun an ceangal atá ag an scoil leis an timpeallacht a léiriú.

Dúirt Michael McGarret, duine de na daoine ar bhunaigh an comhlacht ailtireachta, go raibh sé an-sásta leis an duais agus “go bhfuil an ailtireacht níos lárnaí sa saol” mar gheall uirthi.

Tá an scoil, atá suite ar imeall Leitir Ceanainn, tógtha ar dhá leibhéal agus an foirgneamh claonta i dtreo an oirthir. Suite sa chnoc atá an leibhéal is ísle agus is trasna ó pháirc atá éadan na scoile.

Is é Aontas Idirnáisiúnta na nAiltirí a eagraíonn an comórtas seo. Is é an rud atá i gceist ag an gcomórtas ná foirgnimh agus áiteanna poiblí den chéad scoth, atá iontach cairdúil, cuimsitheach agus oiriúnach a aithint agus na hailtirí a dhear iad a mholadh agus a spreagadh. 

Caithfidh na hiarrthóirí a thaispeáint go bhfuil an caighdeán is airde i gcúrsaí dearaidh, a bheidh uilíoch agus cuimsitheach, bainte amach acu. Tá ceithre rannóg sa chomórtas. Bhuaigh an dearadh a rinneadh ar Choláiste Ailigh an chéad duais i rannóg na bhfoirgneamh nua. I measc na rannóg eile atá ann le haghaidh áiteanna poiblí, tá “foirgnimh stairiúla” agus “foirgnimh taighde”.

Bronnfar na duaiseanna ag comhdháil de chuid Aontas Idirnáisiúnta na nAiltrí a bheidh ar siúl i Súl sa Chóiré Theas an 3ú-10ú Iúil.

Ní hí seo an chéad duais ailtireachta atá bainte ag Coláiste Ailigh. In 2014 bhain an mheánscoil lánGhaeilge duais de chuid Aontas Ailtireachta na hÉireann agus duais Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann chomh maith.   

Fág freagra ar 'Duais idirnáisiúnta ailtireachta buaite ag méanscoil lán-Ghaeilge i dTír Chonaill'