Duais buaite ag fadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Bheirlín

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi

Duais buaite ag fadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Bheirlín

Catherine Clinch sa scannán 'An Cailín Ciúin'

Tá Grand Prix sa rannóg Glúin/Generation buaite ag an bhfadscannán Gaeilge An Cailín Ciúin  ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín. 

Bhí an-ghlacadh leis an gcéad scannán Gaeilge riamh a taispeánadh ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín. 

Tuairiscítear go bhfuair An Cailín Ciúin ceithre bhabhta bualadh bos ón lucht féachana nuair a taispeánadh an scannán sa Ghearmáin. 

Is é aidhm rannóg Glúin/Generation ag féile scannán Bheirlín don cineama idirnáisiúnta go “n-éistfí i gceart le daoine óga” agus go n-inseofaí scéalta trí shúile na n-óg. 

Ba é an léiriú sin ag an deireadh seachtaine an chéad léiriú de An Cailín Ciúin agus bhí na ticéid ar fad don ócáid ag féile scannán Berlinale díolta. 

Dúradh i léirmheas ag Cineuropa go raibh An Cailín Ciúin  ar cheann de na scannáin “is iontaí” ag féile Berlinale na bliana seo.  

Tá ardmholadh tugtha don chineamatagrafaíocht, don scór agus do chliar an scannáin, go háirithe an t-aisteoir óg Catherine Clinch atá sa phríomhpháirt. 

An tseachtain seo chugainn, cuirfidh An Cailín Ciúin tús le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, an chéad fhadscannán Gaeilge a dhéanfaidh a leithéid. 

Tá na ticéid ar fad do léiriú amháin ar an gCéadaoin seo chugainn, an 23 Feabhra, díolta cheana féin ach is féidir ticéid a fháil go fóill do léiriú eile ag 9.00in. 

Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, ó Inscéal. 

Tá an scannán seo bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí. Scéal casta leochaileach é faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.   

Fís Éireann, TG4, agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chuir maoiniú ar fáil do An Cailín Ciúin faoin scéim Cine4. 

Fág freagra ar 'Duais buaite ag fadscannán Gaeilge ag Féile Scannán Bheirlín'