Duairceas, greann dorcha agus clagarnach bháistí i scannán nua as Éirinn

Saothar uaillmhianach, ait é Redemption of a Rogue atá go hiomlán teann as féin

Duairceas, greann dorcha agus clagarnach bháistí i scannán nua as Éirinn

Redemption of a Rogue
Scríbhneoir/Stiúrthóir: Philip Doherty
Cliar: Aaron Monaghan, Kieran Roche, Aisling O’Mara

’Sé an saothar duairc, greannmhar seo a chroch leis an duais don saothar Éireannach is fearr ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe anuraidh agus cé nach bhfuil sé gan locht is léir canathaobh gur bronnadh an gradam sin air. Saothar uaillmhianach ait é Redemption of a Rogue atá go hiomlán teann as féin.

I dtosach an scannáin címid Jimmy Cullen (Aaron Monaghan) sínte ar fhleasc a dhroma i bpoll ainnise i gcathair Mheiriceánach éigin. De gheit éiríonn sé ina sheasamh agus ardaíonn a sheolta le filleadh ar an bhfód dúchais, Baile an Locha i gContae an Chabháin. Ag staid amháin deirtear linn go seanbhlastúil gurb é seo ‘an baile is brónaí ar domhan’. Ní chuirtear aon fhiacail sa léiriú a dhéantar ar an mbaile seo i gcaitheamh an scannáin agus is cinnte nach mbeidh lucht turasóireachta an Chabháin ag iarraidh an saothar seo a úsáid mar ábhar fógraíochta.

’Sé Jimmy an mac drabhlásach corrach má bhí a leithéid riamh ann agus ní nach ionadh tá a theaghlach chomh mífheidhmiúil lena bhfaca tú riamh. Tá an t-athair ar leaba a bháis agus ní fada Jimmy sa seomra leis nuair a imíonn sé ar shlí na fírinne. Níl an oiread sin cumha air féin ná ar a dheartháir ait Damien (Roche). Is féidir leo an teach a dhíol agus bogadh ar aghaidh sa saol. An breac sa bhainne ná go bhfuil coinníoll in uacht an athar ná ceadaíonn é a adhlacadh lá báistí. Mise á rá leat go mbíonn sé ag báisteach sa bhaile seo, lá i ndiaidh lae agus seachtain i ndiaidh seachtaine. Caitear an seanleaid sa reoiteoir agus bítear ag fanacht go dtiocfaidh sámhnas ar an aimsir.

Cad é méiseáil agus alfraitsíocht as sin go deireadh. Muintir an bhaile den tuairim go bhfuil an drochaimsir bainteach leis an seanleaid a bheith gan chur, an Mhaighdean Mhuire ag caitheamh gail, uisce fé thalamh le hiarpháirtí agus ceol blues inár gcluasa i rith an ama.

Tá an ghruaim fite fuaite leis an ngreann dorcha, áfach. Tá Jimmy i riocht lámh a chur ina bhás féin ó thús deireadh an tsaothair, tagraítear do fhoréigean an athar agus do dhrochthimpiste a d’fhág lorg suntasach ar Jimmy agus carachtair eile. Cion is tuiscint le sonrú sa ghaol idir Jimmy agus Masha (O’Mara), éan corr eile.

Ní i gcónaí a aimsíonn an saothar an sprioc agus taibhsíodh dom go raibh blas bréag-Éireannach ar chúrsaí go minic. An prochóg do shiopa crua-earraí agus spéaclaí fhear an tí ceangailte le téip dhuchta, an seanghliogar de Ford Fiesta lán le leanaí agus an seanphlanda sa phub le téadán casta timpeall a chasóige agus na buataisí iompaithe síos. Dar liom go bhfuil an radharc sa teach tábhairne ina dtugann Jimmy seanmóir uaidh an-chiotach agus níl aon oidhre air ach rud a chífeá i ndráma stáitse amaitéarach.

Tá taispeántais bhreátha ó Monaghan agus Roche, iad sollúnta i lár an mhugadh magadh agus carúil thíriúla ghraosta á gcaitheamh uathu acu go paiteanta. Tá Monaghan breá in ann ciapadh aigne a charachtair a léiriú chomh maith.

Saothar breá a dhéanann an duairceas, an greann dorcha agus an mugadh magadh a shníomh le chéile.

Fág freagra ar 'Duairceas, greann dorcha agus clagarnach bháistí i scannán nua as Éirinn'