Droim láimhe tugtha ag Fine Gael le héilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge

Baineann deich gcinn de na 13 geallúint maidir leis an nGaeilge atá i bhforógra toghcháin an pháirtí le cúrsaí oideachais

13/1/2015. Ireland Foreign Policy Reviews

Níl glactha ag Fine Gael le haon cheann de thrí mhóréileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge.

Tá 13 geallúint maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta tugtha uathu ag an bpáirtí ina bhforógra toghcháin a foilsíodh inné. Baineann deich gcinn de na geallúintí sin le cúrsaí oideachais.

Tá droim láimhe tugtha ag an bpáirtí d’éilimh Chonradh na Gaeilge – go mbunófaí coiste Oireachtais do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go gceapfaí Aire Sinsearach a mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta mar phríomhchúram air agus go gcuirfí €18 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Ghlac Fianna Fáil agus Sinn Féin cheana leis na héilimh sin ina bhforógraí toghcháin siúd.

Maíonn Fine Gael go bhfuil an páirtí “tiomanta ár Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go córasach”.

Maíonn an páirtí gur léiriú an €1 milliún breise a cuireadh ar fáil do bhuiséad caipitil an Údaráis i mBuiséad 2016 ar a thiomanta is atá Fine Gael do chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Baineann formhór na ngeallúintí i bhforógra toghcháin Fhine Gael le cúrsaí oideachais, agus leis an oideachas Gaeltachta go háirithe. Gealltar go gcuirfí béim ar chúrsaí oideachais sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus tá tagairtí san fhorógra do neartú na naoínraí Gaeltachta agus don luaththumoideachas i scoileanna Gaeltachta. Dhéanfadh an páirtí athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus “féachfar le seirbhís feabhsaithe a chur ar fáil”.

Dhéanfadh Fine Gael “iniúchadh ar oideachas tosaigh do mhúinteoirí”. Thabharfadh an páirtí isteach scéim scoláireachta do dhaltaí ó limistéir faoi mhíbhuntáiste le go mbeadh ar a gcumas freastal ar choláistí samhraidh Gaeilge.

Deir an páirtí go bhfuil siad “tiomanta deireadh a chur le maolú [maolú na Gaeilge san AE], de réir mar is indéanta”.

 

Fág freagra ar 'Droim láimhe tugtha ag Fine Gael le héilimh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge'

  • padraig

    Aon Ghaeilgeoir a thugann vóta do na hiarlaisí agus na lúbairí fallsa frith-Ghaelacha sin ‘cheart go mbeadh náire shalota air.