Drogall ar Jeffrey Donaldson a dhul sa seans ar Stormont

Ní léir go gcothóidh drogall Donaldson Westminster a fhágáil muinín i measc vótóirí aontachtacha gurbh fhiú dóibh filleadh ar an DUP

Drogall ar Jeffrey Donaldson a dhul sa seans ar Stormont

Trí huaire ó toghadh é ina cheannaire ar an DUP bhí deis ag Jeffrey Donaldson suíochán a ghlacadh in Stormont. Trí huaire d’eitigh sé an seans.

Leide go gceapann sé gurbh fhearr dó fanacht in Westminster? Comhartha mímhuiníne in Stormont? Nod go gceapann sé nach mbeidh Stormont inmharthana? Nó faitíos nach mbeidh an DUP i dtús áite sa Tionól tar éis thoghchán na Bealtaine?

Féirín do na páirtithe eile le haghaidh feachtas an toghcháin is ea drogall Donaldson tearmann Westminster a thréigean. Ní rún é gur fearr leis Westminster ach dúirt sé anuraidh nuair a toghadh ina cheannaire ar an DUP é go bhfillfeadh sé ar Stormont. Sin é an port atá aige fós ach is mór idir a ghníomhartha agus a bhriathra.

Ba é an Luan an spriocdháta nuair ab éigean don DUP duine a ainmniú mar Theachta Tionóil comhthofa do Ghleann an Lagáin. Bhí folús ansin ó aistríodh Edwin Poots go Béal Feirste Theas in ionad Christopher Stalford nach maireann. ‘Sé Gleann an Lagáin an toghcheantar ina bhfuil Jeffrey Donaldson ina fheisire Parlaiminte agus bheadh sé furasta ag an gceannaire é féin a chur chun cinn mar Theachta comhthofa dá dtogródh sé.

Ní dhearna sé an rogha sin. Chaithfeadh sé éirí as Westminster taobh istigh d’ocht lá dá roghnódh sé suíochán in Stormont. Rinneadh iarracht níos luaithe sa bhliain chun a theacht salach ar an riail sin agus cead a thabhairt d’ionadaíocht dhúbailte cé go raibh móramh i dTuaisceart Éireann ina choinne. ‘Séafraíocht’ a tugadh air, cleas ar mhaithe le Donaldson amháin, a tharraing oiread cáinte ó pháirtithe eile gur chaith rialtas Boris Johnson an plean i dtraipisí go tobann, gan foláireamh ar bith a thabhairt don DUP.

Dá mbeadh glactha ag Westminster leis an tseift an mbeadh Jeffrey comhthofa go Stormont roimhe seo? Sé breith na bpáirtithe eile go mbeadh. Bhí deis amháin ar shuíochán comhthofa in Stormont séanta ag Donaldson faoin am sin. Níor roghnaigh sé a theacht i gcomharbacht ar Arlene Foster i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas. Lena cheart a thabhairt dó ba chosúil gur theastaigh ón bpáirtí áitiúil duine dá gcuid féin a roghnú. Ach seachtain ó shin comhthoghadh Edwin Poots mar chomharba ar Christopher Stalford agus an tseachtain seo sheachain Donaldson an deis arís.

D’fhógair an DUP gurb é Paul Rankin, comhairleoir ar údarás áitiúil Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon an té atá comhthofa chun suí in Stormont ar feadh an tamaillín bhig atá fágtha i saolré an Tionóil seo. Níorbh é ‘cé hé’ an cheist ar bhéal na saineolaithe ach ‘cén fáth nach é Jeffrey Donaldson an t-ainmniúchán?’. Shéan Jeffrey Donaldson gur léirigh an cinneadh nach raibh suim aige féin in Stormont feasta; teastaíonn sainordú na vótóirí uaidh, ar sé. Sheasfadh sé i dtoghchán an Tionóil, gan dabht.

Más féidir talamh slán a dhéanamh d’aon toradh ar thoghchán níl aon amhras go dtoghfar Donaldson. Ach céard a tharlóidh ansin? Tuairiscítear go measann roinnt san DUP go bhfanfaidh sé in Westminster agus go gcomhthoghfar duine eile i nGleann an Lagáin. Bheadh sé sin níos soiniciúla ná aon chleas a chonacthas go dtí seo.

Sciath chosanta is ea an suíochán in Westminster do Donaldson agus tá ciall leis, ar mhaithe leis féin, nach dtabharfadh sé suas é má tá ré Stormont rite. Bhagair sé nach bhfillfeadh an DUP ar Stormont go mbeadh an Prótacal réitithe chun a sástachta, aidhm nach gceaptar a bhainfear amach go luath. Thairis sin is cosúil nach bhfillfidh an DUP ar an bhFeidhmeannas má bhíonn siad sa dara háit taobh thiar de Shinn Féin. Ní léir go gcothóidh drogall Donaldson chun Westminster a fhágáil muinín i measc vótóírí aontachtacha gurbh fhiú dóibh filleadh ar an DUP. An cáiréis nó scáfaireacht í seo?

Fág freagra ar 'Drogall ar Jeffrey Donaldson a dhul sa seans ar Stormont'