‘Tús uafásach’ le Bliain na Gaeilge agus gan aon Bhord ag Údarás na Gaeltachta

Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne nach féidir ‘tacú’ le fiontair nua mar gheall ar an moill le ceapadh bhord nua Údarás na Gaeltachta

‘Tús uafásach’ le Bliain na Gaeilge agus gan aon Bhord ag Údarás na Gaeltachta

Tá ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne go bhfuil “tús uafásach” curtha le ‘Bliain na Gaeilge’ toisc Údarás na Gaeltachta a bheith ag feidhmiú i gcónaí gan aon bhord.

Mhaígh urlabhraí oideachais Fhianna Fáil ar Twitter nach féidir ‘tacú’ le fiontair nua Ghaeltachta mar gheall ar an moill le ceapadh an bhoird nua agus cheistigh sé cur chuige an Rialtais i leith na teanga.

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana an bhoird dheireanaigh ar an 20 Samhain agus táthar ag fanacht go fóill ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh chun an bord nua a cheapadh.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios go luath an mhí seo caite go raibh an próiseas chun bord nua Údarás na Gaeltachta a cheapadh “nach mór thart”. Thug sé le fios an uair sin go gcuirfeadh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí liosta ar fáil dó laistigh de roinnt laethanta d’iarrthóirí a bheadh incháilithe do bhord na heagraíochta fiontraíochta. Dúirt sé go ndéanfadh sé an liosta sin a bhreithniú ansin agus go bhfógródh sé na baill nua “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie tráthnóna nach raibh aon chinneadh tógtha “ag an bpointe ama seo” maidir le “comhdhéanamh an bhoird nua” ach go rabhthas “ag súil leis go ndéanfar é sin go luath”.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív roimh Nollaig go raibh “práinn” ag baint leis an scéal agus gur údar imní “nach féidir aon chruinniú den bhord a eagrú go dtí go n-ainmneofar na comhaltaí agus ó tharla go bhfuil tograí coinnithe siar dá bharr”.

Dúirt Gearóid Breathnach, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáide Údarás na Gaeltachta, ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an mhí seo caite go raibh súil ag an eagraíocht go mbeadh bord nua ann roimh an Nollaig agus “sraith tograí ann a bhí réidh le ceadú”.

Dúirt sé, áfach, nach gcuirfeadh sé isteach ar na tograí sin mura bhfógródh an tAire Stáit Gaeltachta bord nua roimh Nollaig.

Chuir Roinn na Gaeltachta tús sa bhfómhar leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta, ach níl aon duine ceaptha ar an mbord fós, cé go bhfuil ainmniúcháin déanta ag na Comhairlí Contae agus na hainmniúcháin sin don bhord faighte cheana féin ag an Aire McHugh.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.

Sheol an Roinn litreacha chuig Comhairlí Contae na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí le déanaí ag tabhairt cuireadh dóibh duine a ainmniú a bheadh le ceapadh ag Aire na Gaeltachta ar Bhord na heagraíochta fiontraíochta.

Ba é an 9 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (nó PAS) don seacht bhfolúntas ar an mbord (an Cathaoirleach ina measc) agus tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna 41 duine iarratas ar bheith ina gcomhaltaí.

Meastar go ndéanfar an Cathaoirleach reatha, Anna Ní Ghallachair, a athcheapadh le haghaidh tréimhse eile.

Tuigtear go bhfuil triúr atá ina gcomhaltaí faoi láthair ach nach bhfuair ainmniúcháin óna gComhairlí Contae an iarraidh seo i measc an dá scór duine a léirigh spéis sa chúram don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Fág freagra ar '‘Tús uafásach’ le Bliain na Gaeilge agus gan aon Bhord ag Údarás na Gaeltachta'