Beidh craobh iomána na nDéise ar siúl amárach agus is roimh De La Salle atá an dúshlán i mbliana teacht aniar aduaidh ar Bhaile Gunnair, atá ina seaimpíní ar an gcontae ó 2014.
Beidh Páirc nuachóirithe an Bhreathnaigh oscailte don chluiche ceannais. Osclaíodh í den chéad uair i gcomhair an chluiche leathcheannais idir De La Salle agus an Ruán Mór an tseachtain seo caite, agus spás ann anois do 15,000 duine freastal ar chluichí ann.
D’imir Baile Gunnair agus De La Salle in aghaidh a chéile i gcluichí ceannais in 2017 agus arís in 2019 ach ní raibh De La Salle sách maith ar cheachtar lá agus theip orthu deireadh a chur le ceannas Bhaile Gunnair.
Ó thús na mílaoise, seo í an fichiú huair – ’sea, an fichiú – do Bhaile Gunnair an cluiche ceannais a bhaint amach.
I mbliain sin na mílaoise, chailleadar go trom in aghaidh Chnoc Síon ach, an bhliain dár gcionn in 2001, d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an Lios Mór. Chailleadar trí cinn eile de chluichí ceannais as a chéile in aghaidh Chnoc Síon ina dhiaidh sin, ach bhí Baile Gunnair ar ais sa chluiche ceannais arís in 2005 agus agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar de la Salle le haon phointe amháin.
Teip a bhí i ndán dóibh arís in 2006 agus 2007, faraor, ach, tar éis dóibh cailliúint amach ar a gcéad chluiche ceannais le naoi mbliana roimhe sin in 2008, bhí Baile Gunnair ar ais sa chluiche mór in 2009, agus thugadar an chraobh leo i ndiaidh cluiche athimeartha in aghaidh an Leasa Mhóir.
Buadh orthu arís eile in 2010 agus 2013, ach bhí rith an ráis leo in 2011. Tá siad anois ag lorg a ndeichiú craobh as a chéile i bPort Láirge agus gan cluiche caillte acu sa chontae ó 2015. Sin monaplacht duit.
Níl déanta leath chomh maith ag Baile Gunnair i gCraobh na Mumhan le linn na tréimhse céanna, áfach. Is iad seaimpíní an chúige iad le dhá bhliain anuas, cinnte, ach níor bhuadar ach dhá chraobh eile ó thús na mílaoise, in 2001 agus in 2018. Naoi gcinn de chluichí ceannais a chailleadar san achar céanna.
Mar sin féin, níl ach dream amháin a bhfuil Craobh Iomána na Mumhan buaite níos minice ná iad, sin iad an Charraig Dhubh ó Chorcaigh, a bhfuil cúig bhua acu. Tá ceithre bhua ag Piarsaigh Luimnigh agus ag mo chumann féin, Cumann Barra Naofa i gCorcaigh.
Thug Baile Gunnair an chéim dheireanach ag tús 2022 nuair a bhuadar Craobh na hÉireann in aghaidh Sheamróga Bhaile Héil sa chluiche iontach sin. Ba iad an chéad chlub ó Phort Láirge iad ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh.
I mbliana, iontas na n-iontas, is iad Baile Gunnair rogha na coitiantachta don chluiche ceannais. 53 cluiche i ndiaidh a chéile atá buaite acu i bPort Láirge ó 2015 agus bunaithe ar an taispeántas a thugadar sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chaisleán Cuanach Dé Sathairn seo caite, nuair a bhuaigh Baile Gunnair le hocht bpointe, shamhlófá go mbeidh 54 cluiche as a chéile buaite acu faoin oíche amárach.
Bhí Dessie Hutchinson, Peter Hogan, Paddy Leavey, Patrick FitzGerald agus Kevin Mahony uile ar phainéal Phort Láirge i mbliana, gan trácht ar Stephen O’Keefe, Barry Coughlan, Philip agus Pauric Mahony, a sheas an fód don chontae ar feadh na mblianta. Níl aon dabht ach gur grúpa imreoirí iontache iad.
An bhfuil aon seans á thabhairt do De La Salle? Ní dóigh liom go bhfuil. Tá dul chun cinn á dhéanamh acu, mar sin féin. Bhuadar craobh na mionúr i bPort Láirge anuraidh, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Gunnair sa chluiche ceannais, agus ón bhfoireann sin tá triúr ag tosú amarach: Conor Keane, Daniel Lawlor agus Jack Twomey.
Shroich an fhoireann shinsir na babhtaí leathcheannais anuraidh faoi bhainistíocht Ian Flynn agus a chuid roghnóirí. Bhí cluiche dian acu sna babhtaí ceannais i mbliana in aghaidh an Ruáin Mhóir, na foirne cothrom in am cúitimh go dtí go bhfuair Seán Carton cúilín an bhua. Tá cuid mhaith taithí acu freisin le Shaun O’Brien, Adam Farrell, Jake Dillon, Eddie Barrett, Jack Fagan agus Conn Céchagthach é fhéin, Kevin Moran.
Is léir go bhfuil siad ag dul i bhfeabhas ach, agus fathaigh na nDéise rompu amárach, b’fhéidir go mbeidh bliain nó dhó eile ag teastáil sula dtiocfaidh lá De La Salle.
Fág freagra ar 'Drochseans go gcuirfidh De La Salle deireadh le ceannas Bhaile Gunnair sna Déise'