Drochscéal i ndiaidh drochscéil don DUP sna pobalbhreitheanna

Tá tacaíocht don bPrótacal iarBhreatimeachta méadaithe d’ainneoin fheachtas na nAontachtach

Drochscéal i ndiaidh drochscéil don DUP sna pobalbhreitheanna

Ní foláir nó gur mhaith le Jeffrey Donaldson in amanna go n-éireofaí as pobalbhreitheanna. Drochscéal don DUP ab ea gach suirbhé a rinneadh ar neart na bpáirtithe i mbliana, iad ag taispeáint go raibh titim thubaisteach ar thacaíocht an DUP faoi cheannas Arlene Foster agus faoi réimeas an cheannaire reatha Donaldson.

Sé an scéal céanna é sa bpobalbhreith is deireanaí faoin bPrótacal iarBhreatimeachta, móramh ina fhabhar d’ainneoin fheachtas na n-aontachtach agus bagairt Jeffrey Donaldson go dtarraingeodh sé a airí as an bhFeidhmeannas in Stormont taca an ama seo mura gcuirfí an Prótacal ar ceal.

Togra de chuid Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste is ea pobalbhreith faoin bPrótacal a dhéanamh gach ráithe go ceann trí bliana. Sa gceann is deireanaí, an tríú ceann, dúirt 53% gur thacaigh siad leis an bPrótacal mar sheift chun déileáil le héifeacht an Bhreatimeachta ar Thuaisceart Éireann. Méadú is ea é sin ó 46% i mí an Mheithimh.

Dúirt 62% go gcuireann an Prótacal deiseanna speisialta ar fáil a bheidh chun tairbhe eacnamaíocht an Tuaiscirt i gcomparáid leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe. Méadú is ea é sin ó 57% sa Mheitheamh agus 50% sa Mhárta. Bhí titim dá réir ó 34% go 26% ar líon na ndaoine a mheas gur mhíbhuntáiste do Thuaisceart Éireann é. Bhí móramh den bharúil freisin gur dhíobháil don Bhreatain Mhór é an Breatimeacht.

Chaithfeadh sé gur údar imní don DUP é gur ag fás a bhí an tacaíocht don bPrótacal díreach nuair a bhí an páirtí ag treisiú ar a fheachtas ina choinne. Leag Jeffrey Donaldson an-bhéim ar an bhfreasúra don bPrótacal ó ceapadh é ina cheannaire. Ba léir go raibh sé ag brath ar an teaictic chun an DUP a neartú – vótóirí a mhealladh ar ais ón TUV agus an UUP.

Beag beann ar na torthaí seo dúirt ceannaire an DUP Déardaoin go raibh áthas air gur admhaigh an Príomh-Aire Johnson sa Pharlaimint go raibh an Ríocht Aontaithe i dteideal airteagal 16 den chonradh a fheidhmiú. Sé sin an t-airteagal a cheadaíonn do cheachtar den dá thaobh cuid den bPrótacal a chur ar fionraí má tá díobháil á déanamh.

D’fháiltigh Sir Jeffrey roimh ráiteas an Phríomh-Aire go gcaithfí an idirbheartaíocht le hAontas na hEorpa a thabhairt chun críche gan mhoill. Mura ngéillfeadh an tAE na héilimh a rinne an Bhreatain sa samhradh bheadh dualgas ar an bPríomh-Aire airteagal 16 a fheidhmiú, arsa Donaldson. Mura ndéanfadh Boris Johnson é sin tharraingeodh an DUP amach as Stormont, ar sé.

Rinneadh an phobalbhreith i dtús Dheireadh Fómhair sular fhógair Maroš Šefčovič cé na leasuithe a bhí an tAontas Eorpach toilteanach a dhéanamh. B’in freisin sular fhógair David Frost go rithfeadh an Bhreatain Airteagal 16 mura mbeadh rath ar an idirbheartaíocht leis an AE; dúirt 53% de na daoine a ghlac páirt san suirbhé nach mbeadh sé sin bailí. Sé an comhlacht Lucid Talk a dhéanann na pobalbhreitheanna thar ceann na hOllscoile; is comhlacht inmhuiníne é agus dea-cháil air.

B’údar iontais é go raibh Donaldson chomh hionsaitheach is a bhí i ndiaidh na pobalbhreithe. Má tá na torthaí cruinn tá líon na ndaoine a chreideann gur bhotún é an Breatimeacht ach gur faoiseamh óna dhochar is ea an Prótacal méadaithe i ngach ceann de na trí shuirbhé; an patrún soiléir. Ní raibh ach aon trian de dhaoine sásta a rá go raibh muinín acu as an DUP i dtaca leis an bPrótacal agus an Breatimeacht; sin beagán níos mó ná an 26% atá go láidir ar aon intinn leo. Fágann sé sin an DUP ag feachtasaíocht go dian chun níos lú ná an trian de na vótóirí a shásamh.

Ní haon ribín réidh do Jeffrey Donaldson an tréimhse ghearr seo romhainn. Cheapfá i bhfianaise na bpobalbhreitheanna go mbeadh sé ag iarraidh an páirtí a choinneáil in Stormont chomh fada agus is féidir roimh vótáil. Ach conas a dhéanfadh sé é? Beidh brú air ó eite dá pháirtí Stormont a scrios mar a bhagair sé agus é go mór faoi anáil Jim Allister agus iomaíocht an TUV. Beidh sé ag brath ar Boris Johnson chun é a tharrtháil ón gcéim sin – gníomh baothdhána ó rinne Johnson feall orthu cheana gan cás ná mairg.

Déanfaidh Johnson an rud a fheileann do Johnson. Más buan don treocht a léirigh na pobalbhreitheanna i mbliana ní bheidh sé éasca ag an DUP na sála a thabhairt leo ón mBreatimeacht.

Fág freagra ar 'Drochscéal i ndiaidh drochscéil don DUP sna pobalbhreitheanna'

  • Des O Murchu

    Ta mo Ulster ag dul in olcas! Tuilleadh Bushmills Fuisce ar an Carta leigheas svp!